Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/204

This page has not been proofread.
200
NIAṀ

“Ba ḋóiċ liom gur conus a déanfar an gníoṁ an ċeist anois agus náċ conus a coisgeaḋ é. Ó ḃreiṫniġis an cosg ċóṁ maiṫ b' ḟéidir go ḃfuil breiṫniuġaḋ éigin déanta agat ar conus a curfar an cosg ar an slíġ,” arsa Sitric.

“Tá an breiṫniuġaḋ san, leis, déanta agam, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Is maiṫ é sin. Sgaoil ċúġainn toraḋ do ṁaċtnaiṁ,” arsa Sitric.

“Ar airiġis riaṁ,” arsa Aṁlaoiḃ, “conus a deineaḋ Árdríġ de Ḋiarmaid mac Céirḃeóil?”

“Do marḃuiġeaḋ Tuaṫal Maolgarḃ,” arsa Sitric. “Aċ ar airiġis-se cad d' imṫiġ ar an ḃfear a ṁairḃ Tuaṫal?”

“Do deineaḋ goin galáin dé,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Go díreaċ,” arsa Sitric; “an rud a ḋ' imṫeóċ' láiṫreaċ bonn ar an t-é a ṁarḃóċ' Brian, aċ so a ḃeiṫ de ḋeifriġeaċt idir an dá sgéal. Do deineaḋ goin galáin de 'n t-é ṁairḃ Tuaṫal, aċ tar éis an ġníṁ sic a deineaḋ dé é. An fear a ṫaḃarfaḋ fé Ḃrian a ṁarḃuġaḋ, roimis an ngníoṁ a déanfaí goin galáin dé.”

Ḃí an ḃeirt ag caint ar an gcuma san. Ṫáinig seirḃíseaċ isteaċ.

“Tá duine sa ṗóirse agus ba ṁaiṫ leis laḃairt leat, a ríġ,” arsa'n seirḃíseaċ.

“Taḃair anso isteaċ é,” arsa Sitric.

Do tugaḋ isteaċ é.

Sidé saġas duine a ċonaic an ḃeirt nuair a ṫáinig sé isteaċ. Firín beag agus ceann mór air. Ḃí folt oḋar ar a ċeann, folt trom agus é ag tuitim anuas ar a ġuailliḃ agus siar síos ar a ṡlinneánaiḃ. Ḃí mar ḃéaḋ saca beag óir ar gaċ taoḃ d'á ċeann, agá uiseanaiḃ, ag coimeád a ġruaige siar d'á éadan agus d'á ṡúiliḃ. Ḃí éadan leaṫan árd air agus fáiḃrí treasna ann, 'ġá ṫaisbeáint go raiḃ sé, an ċuid ba luġa ḋé, trí fiċid blian. Ḃí srón ḟada ḋíreaċ