air agus ḋá ṡúil ṁaiṫe ṁóra ṡolusṁara aige, agus iad aibiġ go maiṫ. Ḃí a ċeannaċa faidleicineaċ agus ḃí féasóg ṫrom, liaṫ-ġorm air agus í ag dul aḃfad síos ar a ḃrollaċ. Ḃí brat, nó clóca, de'n éadaċ saiḋḃir ba ċeart a ḃeiṫ ar ḋuin'uasal, aniar ar a ṡlinneánaiḃ.
“Cad é an gnó atá agat díom-sa, a ḋuine ṁacánta?” arsa Sitric leis.
“Liaġ iseaḋ mé, a ríġ,” arsa'n duine iasaċta. “Tá mórán de ċríoċaiḃ an doṁain siúḃalta agam i gcaiṫeaṁ mo ṡaoġail. Ó'n mBreatain anall a ṫánag le déanaiġe. Tá mórán taiṫiġe agam ar na galaraiḃ a ṫagan ar an nduine, agus ar na neiṫiḃ is fearr ċun na ngalar san do leiġeas. Ṫánag anso go dtí an ċaṫair seo ag braṫ air go mb’ḟéidir go ḃféadfainn úsáid a ḋéanaṁ ann de'n eólus atá agam agus raint tairḃṫe ḋéanaṁ do ḋaoine a ḃéaḋ 'n-a ġátar. Is léir duit féin, a ríġ,” ar seisean, “gur ró ḃeag an gnó a ḃéaḋ agam' leiṫéid ag teaċt anso ċun na h-oibre sin a ḋéanaṁ gan mé féin do ċur i n-iúil ar dtúis do'n ríġ agus cead a ḋ'iaraiḋ air.”
“Tá san fíor go leór,” arsa Sitric, “aċ cá ḃ' ḟios dóṁ-sa náċ díoḃáil a ḋéanfá dom' ḋaoine dá dtugainn an cead san duit,” agus ċuir sé gáire as. “Cá ḃ'ḟios dom,” ar seisean, “ná gur b' aṁlaiḋ a ṫaḃarfá niṁ dúinn go léir.”
“Cúis ġáire ċúgat, a ríġ”, arsa'n duine iasaċta. “Ní gáḋ ḋom a ḋ'innsint duit-se, a ríġ,” ar seisean, “gur b'é meón agus nádúr an liaiġ gur túisge leis go mór leiġeas a ḋéanaṁ 'ná aon díoḃáil sláinte ḋéanaṁ d' aon duine. Tuigim go maiṫ cad a ḃainean le niṁ, agus cad a ḃainean le duine do leiġeas ó niṁ dá mbéaḋ sé tar éis an níṁe do ṫógaint, pé 'cu le tionóisg nó le toil a ḃéaḋ an niṁ tógṫa aige. Aċ ní gáḋ ḋom ḃeiṫ 'ġá innsint cad a ḋ'ḟéadfainn a ḋéanaṁ. Tá teistiméireaċtaí anso agam ó