Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/206

This page has not been proofread.
202
NIAṀ

ríġṫiḃ agus ó uaisliḃ agus ó ċoláistíḃ móra, 'ġá ṫaisbeáint cad é an saġas mé, agus cad é an saġas oibre a ḋeineas ċeana ins na h-áiteanaiḃ eile 'n-a raḃas sar a dtánag anso.”

Ṫaraing sé amaċ beart ṗápéar agus ṡín sé ċun an ríġ iad. Ṫóg Sitric iad agus ċrom sé ar iad do léiġeaḋ. Ṫaisbeáin sé d' Aṁlaoiḃ cuid acu. Do léiġ Aṁlaoiḃ iad.

“Ċím asta so,” arsa Sitric, “gur Lonán is ainim duit.”

“Iseaḋ, a ríġ,” ar seisean. “Lonán m' ainim.”

“Tá go maiṫ,” arsa Sitric. “Tá mo ċead-sa agat ċun aon tairḃṫe is féidir leat a ḋéanaṁ do ṁuintir na caṫaraċ so. Is dóċa gur cuma leat cé 'cu Loċlanaiġ nó Éireanaiġ an ṁuintir n-a n-imireóċair do ċuid eóluis orṫa?”

“Is cuma, a ríġ,” arsa Lonán. “Imireóċad mo ċuid eóluis ar an muintir is mó a ċífead 'n-a ġátar agus ar an muintir is fearr a ḋíolfaiḋ mé.”

“Ó, tuigim,” arsa Sitric. “Ba ḋóiċ liom féin, áṁṫaċ,” ar seisean, “go ḃfaġaḋ duine a ṡiúḃluiġ oiread agus ṡiúḃluiġis-se ceannaċ ar a ċuid eóluis, agus díol as, níos fearr 'ná mar a ġeóḃair-se sa ċaṫair seo.”

“Conus san, a ríġ, le d'ṫoil?” arsa Lonán.

“Ba ḋóiċ liom gur 'mó ríġ, nó Árdríġ, gur ṁaiṫ leis tusa ḃeiṫ i n' aice i gcóṁnuiġe ag feuċaint i ndiaiġ a ṡláinte ḋó, agus go mb’ḟéidir gur ḃ' ḟearr a ḋíolfaḋ sé ṫú as do ċuid eóluis 'ná mar ḟéadfaḋ daoine boċta na caṫaraċ so ṫú ḋíol,” arsa Sitric.

Do ġeal gnúis Lonáin.

“Tá go maiṫ, a ríġ,” ar seisean. “Ní'l aon rud ab ḟearr a ṫaiṫnfeaḋ liom, má's ċuige atá t' onóir, 'ná an gnó san a ḋéanaṁ do t' onóir-se. Ṫaḃarfainn aire ṁaiṫ do'n ġnó, agus is dóiċ liom, nuair a ḃéaḋ taiṫiġe agat ar m' eólus ar feaḋ tamail, agus ar m'obair, náċ go ró ḃog ba ṁaiṫ leat sgaraṁaint liom.”