“Ní h-orm féin a ḃíos ag cuiṁneaṁ nuair a laḃras,” arsa Sitric. “Is ar Árdríġ Éirean, ar Ḃrian, a ḃíos ag cuiṁneaṁ.”
Do ḋoirċiġ gnúis Lonáin. Níor laḃair sé. B'ḟuiriste a ḋ'aiṫint go raiḃ rud éigin nár ḃ'ḟóġanta istiġ aige i gcoinniḃ an Árdríġ. D'ḟeuċ an ḃeirt eile ar a ċéile. Ar ball do laḃair Lonán.
“Gaḃaim párdún agat, a ríġ,” ar seisean, “agus agat- sa, a ríġ,” ar seisean le h-Aṁlaoiḃ. “Ṫáinig ainim an ḟir sin ró oban orm. Ṫáinig ainim an Árdríġ sin ró oban orm,” ar seisean. Do stad sé. “Ṁeasas gur ort féin a ḃís ag tráċt, a ríġ,” ar seisean.
“Ní ṁeasaim,” arsa Sitric, “go ḃfuil aon ġráḋ ró ṁór agat do'n Árdríġ.”
Níor laḃair Lonán, aċ do ḋoirċiġ a ġnúis airís.
“Aċ bíoḋ náċ orm féin a ḃíos ag cuiṁneaṁ ar dtúis b' ḟéidir nár ḃ'ḟearra ḋom rud a ḋéanfainn 'ná cuiṁneaṁ orm féin anois. B'ḟéidir náċ i gcóṁnuiġe a ṫiocfaḋ do leiṫéid-se crosta orm. Tar ċugam anso amáireaċ agus b'ḟéidir go ḃféadfaimís socaruġaḋ,” arsa Sitric.
Do ġeal gnúis Lonáin airís. Ba ḋóiċ le duine air gur ríġeaċt a bronnaḋ air ḃí sé ċóṁ h-áṫasaċ, ċóṁ mórálaċ, ċóṁ buiḋeaċ.
D'imṫiġ sé. D'ḟeuċ an beirt ar a ċéile.
“Cad é an fuadar é seo fút anois?” arsa Aṁlaoiḃ.
“Fágaim le h-uaḋaċt,” arsa Sitric, “ná feadar cad é an fuadar é seo fúm!”
“Ní'l aon ġráḋ ag Lonán do Ḃrian,” arsa Aṁlaoiḃ.
“Tá an méid sin soiléir go leór,” arsa Sitric. “Ní ḟeadar an doṁan cad a ḋein Brian air.”
“Is 'mó duine náċ é gur ḋein Brian droċ ḃeart air,” arsa Aṁlaoiḃ.
“Ḃí sé ar ḃara mo ṫeangan ḋá uair a ḋ' ḟiafraiġe ḋé