Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/208

This page has not been proofread.
204
NIAṀ

cad a ḋein Brian air, aċ ḃí eagal orm go saṁlóċ' sé go raiḃ cúis éigin agam leis an gceist a ċur ċuige,” arsa Sitric.

“Tiocfaiḋ sé anso amáireaċ,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Ní deirim ná go dtiocfaiḋ,” arsa Sitric.

“Agus cad a ḋéanfair leis?” arsa Aṁlaoiḃ.

“B'ḟéidir gur 'mó rud a féadfaí a ḋéanaṁ leis,” arsa Sitric.

Do stad an ḃeirt agus iad ag maċtnaṁ. Ḃí Sitric 'n-a ṡuiḋe ar ċaṫaoir agus ḃí Aṁlaoiḃ ag siúḃal síos a's suas. Ṫug an ḃeirt tamal maiṫ ar an gcuma san. Ar ball do laḃair Aṁlaoiḃ:—

“Is fíor san,” ar seisean. “Is 'mó rud, b'ḟéidir, a féadfaí a ḋéanaṁ leis. Tiocfaiḋ sé anso amáireaċ. Ní gáḋ ḋom a ráḋ leat aire ṁaiṫ a ṫaḃairt. Faiġ-se greim air má 's féidir é, aċ ná leig dó aon ġreim ḟáġail ort.”

“Ná bíoḋ eagal ort,” arsa Sitric. “Mar adúḃairt, ní'l aon ṗioc d'á ḟios agam fós cad a déanfar. Pé rud ar a socarófar isé Lonán féin a ṡocaróċaiḋ air, uaiḋ féin.”

“Siní an ċaint,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ansan, má sgéiḋean sé is air féin a sgéiḋfiḋ sé.”

Do sgar an ḃeirt i gcóir na h-oíḋċe.



CAIBIDIOL XVI.

CÓṀAĊT LUIḂNEAĊA.

Seaċtṁain díreaċ tar éis na h-oíḋċe 'n-a raiḃ Sitric agus Aṁlaoiḃ agus Lonán i ḃfoċair a ċéile istiġ i dteiġlaċ Ṡitric i mBaile Áṫa Cliaṫ, ḃí Gormḟlaiṫ agus beirt d'á