mnáiḃ coíṁḋeaċta ag siúḃal ar bruaċ glaise bige a ḃí ag gaḃáil ṫar ríġṫeiġlaċ Ḃriain i gCeann Cora. Ċonacadar ag gaḃáil ċúċa aníos ó ṫreó Luimníġe capal agus cárbat agus beirt sa ċárbat. Nuair a ṫáinig an cárbat i gcóṁngar na h-áite 'n-a raiḃ na mná uaisle do stad an cárbat.
“Siné ríġṫeiġlaċ an Árdríġ agat anois,” arsa duine de'n ḃeirt leis an nduine eile, “agus siní an Árdrígan féin, Gormḟlaiṫ, an ḃeanuasal is aoirde de'n triúr, an ḃean n-a ḃfuil an t-éadaċ corcra uirṫi.”
Ṫáinig an fear eile amaċ as an gcárbat.
“Ní dóċa,” ar seisean, leis an ḃfear a ḋ'ḟan istiġ, “go mbeiḋ a ṫuille gnóṫa agam díot-sa indiu. Tá sé ċóṁ maiṫ agat casaḋ ṫar n-ais.
Ḋíol sé é agus ċuir sé uaiḋ é, agus ṫug sé féin aġaiḋ ar an áit 'n-a raiḃ na mná uaisle ag siúḃal. Níor stadadar d'á gcaint, ná níor ṡaṁluiġ sé gur ċuireadar blúire suime ann go dtí go raiḃ sé ar a n-aġaiḋ amaċ. An uair sin féin ġeóḃaidís ṫairis gan feuċaint air ná aon tsuim a ċur ann mura mbéaḋ gur ċaiṫ sé é féin ar a ḋá ġlúin ar aġaiḋ Ġormḟlaiṫ amaċ agus gur ṡín sé leitir ċúici.
“Gaḃaim párdún agat, a Árdrígan,” ar seisean, “ar ḃ'é toil do Ṡoillse an leitir sin do léiġeaḋ. Ó ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ iseaḋ í.”
“Déirc atá uaiḋ seo is dóċa,” ar sise leis na mnáiḃ coíṁdeaċta, agus do rug sí ar an leitir. D'aiṫin sí an sgríḃinn a ḃí ar an gcúṁdaċ. B' ḟíor do'n duine é gur ó Ṡitric a fuair sé an leitir le taḃairt ag triall uirṫi. D'osgail sí an leitir agus ċrom sí ar í léiġeaḋ. Ar ball d' ḟeuċ sí ar an ḃfear. D' ḟeuċ sí go géar air. Firín beag ab eaḋ é agus ceann mór air; an fear céadna a ḃí istiġ i dteiġlaċ ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ an oíḋċe úd, seaċtṁain roimis sin, ag caint le Sitric agus le h-Aṁlaoiḃ.