ṫuas 'ná mar a ḃíoḋ na Loċlanaiġ ag preabaḋ isteaċ agus 'á sgartáil, 'ġá losgaḋ agus ag losgaḋ na leaḃar a ḃíoḋ ionta agus ag marḃuġaḋ na manaċ. Do ṫuig Brian i n' aigne, nuair a ḋeineaḋ cléir agus daoine naoṁṫa na h-Éirean, agus luċt léiġinn na h-Éirean, na h-eaglaisí agus na mainistreaċa agus na sgoileana do ċur suas agus an obair do ċur ar siuḃal, gur ḃ'é ba lúġa ba ġann do ríġṫiḃ Éirean, agus d'ḟearaiḃ Éirean, Éire agus an obair, agus an ṁuintir a ḃí ag déanaṁ na h-oibre, go ċosaint ar naṁdaiḃ iasaċta. Ċonaic sé conus a ḃí an sgéal ag Éire oċt gcéad blian nó míle blian roimis sin, nuair a ḃí Fionn agus Fian Éirean beó, nó le linn Ċonċuḃair agus Ċúċulainn. Ḃí a leiṫéid sin de sgannra an uair sin ar ḋúṫaíḃ iasaċta roim ḟearaiḃ Éirean agus roim ċóṁaċt na h-Éirean nár leóṁaiḋ aon ċóṁaċt iasaċta aon ċur isteaċ a ḋéanaṁ orṫa. Dá mb' iad na Róṁánaiġ féin iad, do ċuireadar an dóṁan go léir fé n-a smaċt aċ Éire aṁáin. “Aċ!” a déarfaiḋ duine, b’ḟéidir, “Níor ḃ'ḟiú leó teaċt ag cur isteaċ ar oileán na h-Éirean. Ḃí Éire ró ṡuaraċ, dar leó, agus ró imigcéineaṁail.”
Náċ maiṫ na raiḃ Ínsí h-Orc ró imigcéineaṁail. Ċuir na Róṁanaiġ Sasana fé n-a smaċt, agus ċuireadar mórán de ċríċ Alban fé n-a smaċt. Agus ċuadar níba ṡia óṫuaiḋ agus ċuireadar Ínsí h-Orc fé n-a smaċt, d'á ḟaid óṫuaiḋ iad, agus d'á ṡuaraiġe le ráḋ iad an uair sin.
Ḃí ḟios acu go dian ṁaiṫ gur ḃ'ḟiú ḋóiḃ Éire ṫaḃairt fé n-a smaċt dá ḃféadaidís é. Ḃí aiṫne ṁaiṫ acu ar an oileán, aċ ḃí ḟios acu go maiṫ, leis, cad á an saġas daoine a ḃí 'n-a gcóṁnuíġe ar an oileán. Níor ṫánadar ag cur isteaċ orṫa. Níor ḋein cóṁaċt na Róṁa riaṁ oiread agus sméide ar oileán na h-Éirean.
Do ṫuig Brian, an rud a deineaḋ ċeana go ḃféadfaí é ḋéanaṁ airís. Go ḃféadfaí cóṁaċt na hÉirean do ċur le