Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/210

This page has not been proofread.
206
NIAṀ

D'ḟeuċ Gormḟlaiṫ ar na mnáiḃ coíṁdeaċta.

“Teiḋiġ-se isteaċ, a ċlann ó,” ar sise. “Oirean dom laḃairt leis an nduine seo i n' aonar.”

D'imṫiġ an ḃeirt ḃan.

“Ċím,” arsa Gormḟlaiṫ leis an ḃfear, “gur Lonán is ainim duit-se.”

“Iseaḋ, ċun do ṫoile, a Árdrígan,” ar seisean.

“Cad ċuige gur cuireaḋ anso ṫú?” ar sise.

“Do réiḋtiġ an ríġ liom, a Ṡoillse,” arsa Lonán, “ċun go ndéanfainn, mar is gnáṫ a ḋéanaṁ do ríġ, aireaċas a ṫaḃairt do'n ḃia agus do'n díġ a curfaí os a ċóṁair le caiṫeaṁ, le h-eagla go ndéanfaí éagcóir air, le h-eagla go dtaḃarfaí niṁ dó.”

“Agus cad 'n-a ṫaoḃ nár ċoimeád sé ṫú?” arsa Gormḟlaiṫ.

“Dúḃairt sé liom, a Ṡoillse,” arsa Lonán, “go mb’ ḟéidir gur ṁó an gnó ḃéaḋ anso ḋíom féin agus dem' ċuid eóluis agus dem' ċuid foġluma 'ná mar a ḃí aige féin díom. Is dóċa gur inis sé sa leitir cad é an gnó ba ḋóiċ leis a ḃéaḋ anso ḋíom?”

“Do réir mar a ṫuigim-se an ċaint atá sa leitir is 'mó gnó ḟéadfaḋ ḃeiṫ anso ḋíot,” arsa Gormḟlaiṫ.

“Ní mó an gnóṫaí a ḋ'ḟéadfaḋ ḃeiṫ ḋíom anso, a Ṡoillse,” arsa Lonán, “'ná na gnóṫaí a d’ḟéadfainn-se a ḋéanaṁ anso.”

“Aċ go ndíolfaí ṫu asta, is dóċa,” arsa Gormḟlaiṫ.

“Agus is dóċa,” ar sise, “d'á ṁéid iad na gnóṫaí gur ḃ' eaḋ ba ṁó a ḃéaḋ le díol asta?”

“Do réir ḋeaḃraiṁ, a Ṡoillse,” arsa Lónán.

Do stad Gormḟlaiṫ ar feaḋ tamail ṁaiṫ. Ḃog sí a béal ċun laḃarṫa cúpla uair agus níor laḃair sí. Is aṁlaiḋ a ḋún sí a béal airís agus do lean sí d'á maċtnaṁ. An ḟaid a ḃí sí ag maċtnaṁ ḃí Lonán ag feuċaint uaiḋ ar an