sruṫán agus gan aon ċor aige 'á ċur dé. Do ḃog sí a béal ċun laḃarṫa fé deire agus do laḃair sí.
“Tá sé ċóṁ maiṫ agam an ceann a ḃaint de'n sgéal duit,” ar sise. “Tá oiread anso agus ċroċfaḋ ṫú seaċt n-uaire dá ḃfaiġfí amaċ ort é.”
“Is fíor san, a Árdrígan,” arsa Lonán.
“Náċ breaġ bog a ġlacan tú é!” ar sise.
“Tá iontaoiḃ agam asat, a Ṡoillse,” ar seisean. “Dúḃart leis an ríġ i n-Áṫ Cliaṫ go raiḃ iontaoiḃ agam asat.”
Do ċruaiḋ a súil agus a gnúis agus ṫug sí droċ ḟeuċaint air.
“Ní ḟeicim,” ar sise, “cad é an ċúis go mbéaḋ an iontaoiḃ sin agat asam-sa, a ġiolla. Ní'l crot na fírinne ar an gcaint sin.”
Ṫóg sí anáirde a láṁ fé mar a ḃéaḋ cóṁarṫa éigin aici 'á ḋéanaṁ. Do riṫ ċúici anuas ó'n ríġṫeiġlaċ ceaṫrar d'ḟearaiḃ luaṫa láidire agus a ċlaiḋeaṁ noċt i láiṁ gaċ fir acu.
“Curtar sa ċarcair an fear san,” ar sise, go breaġ réiḋ. Ba ḋóiċ le duine gur ċun a ḋinnéir a ḋ' órduiġ sí é ḃreiṫ, do laḃair sí ċóṁ cneasta san.
Do rugaḋ ar Lonán agus do cuireaḋ isteaċ sa ċarcair é. Do léiġ Gormḟlaiṫ an leitir airís, agus ḋein sí a maċtnaṁ airís ar an gcaint a ḃí sa leitir. Sidí an ċaint a ḃí sa leitir:—
“A ṁáṫair,
“Déanfaiḋ sé seo an gnó. Tá a ċúis féin aige ċun na h-oibre ḋéanaṁ. Ní miste, áṁṫaċ, é ḋíol go maiṫ; ansan beiḋ ḋá ċúis aige ċun na h-oibre ḋéanaṁ. Ní h-obair ṫútaċ a ḋéanfaiḋ sé. Tá an t-eólus tar bár aige.
“Tá ár neart go léir ollaṁ ar ṗreabaḋ isteaċ