Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/213

This page has not been proofread.
209
NIAṀ

“Mo ḃriaṫar ríoga ḋuit,” ar sise, “náċ baoġal duit mé. Inis dom an rud atá ar t' aigne.”

“Tá sé am' aigne, a Ṡoillse,” ar seisean, “an gnó a ṫug mise anso agus an gnó ba ṫoil leat-sa a ḋéanfainn anso gurab aon ġnó aṁáin iad. D'á ḃríġ sin, nuair a ḃíos ag teaċt anso ċun an ġnóṫa san a ḋéanaṁ ṫáinig iontaoiḃ agam asat-sa, a Árdrígan, agus mar ġeall ar an iontaoiḃ sin ṫánag anso, mar a ċíon tú, agus an téad ar mo ṁuineál. Ní raiḃ le déanaṁ aċ mé ċur suas ar an gcroiċ!”

“Tá go maiṫ,” ar sise. “Táim sásta. An ndéanfair an gnó?”

“Déanfad, a Árdrígan,” ar seisean.

“Ġeóḃair do ṫuarasdal go maiṫ as an ngnó,” ar sise.

“Ṫuigeas go ḃfaiġinn, a Ṡoillse,” ar seisean.

Ḃí an sgéal socair eatarṫa ansan. Níor ḃ'ḟada go ḃfeictí iad coitċianta ag imṫeaċt tríd an ínse ar ḃruaċ na glaise bige ag staṫaḋ na luiḃneaċa agus 'ġá mbreiṫ- niuġaḋ. Do ċítí sa ġáirdín iad agus an gnó céadna ar siúḃal acu. Agus d'adṁuiġeaḋ Lonán gur ḃ' ḟearr an t- eólus a ḃí ag Gormḟlaiṫ ar na luiḃneaċa agus ar na cóṁaċtaiḃ a ḃí ionta ċun uilc nó ċun maiṫeasa 'ná mar a ḃí aige féin.

Níor ḃ' ḟada gur tugaḋ post gnóṫa sa teiġlaċ do Lonán. Do cuireaḋ 'n-a stíoḃard os cionn an ḃíḋ é, ċun feuċaint i ndiaiġ an ḃíḋ agus aireaċas a ṫaḃairt do gaċ aon tsaġas bíḋ a ḃéaḋ le h-úsáid sa teiġlaċ, i dtreó nár ḃaoġal go dtaḃarfaí ċun búird ann aon ḃia a ḃéaḋ mí-ḟoláin. Níor ṁór stíoḃard de'n tsórd san a ḃeiṫ i dteiġlaċ a ḃí ċóṁ mór agus n-a mbíoḋ oiread san bíḋ d'á ollaṁuġaḋ gaċ aon lá an tseaċtṁain do ḋaoiniḃ ann.

Aċ isé gnó fé leiṫ a ḃí ceapaiṫe do Lonán ann 'ná feuċaint ċun an ḃíḋ a h-ollṁófaí do'n Árdrígan, le h-eagla go gcurfaí aon droċ níḋ ann.