Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/218

This page has not been proofread.
214
NIAṀ

aon uair aṁáin. Is fearr go mór bás d'ḟáġail i lár an ċaṫa 'ná ḃeiṫ beó i n-Éirinn fé smaċt na Loċlanaċ. Má ḃíon an buaḋ acu bíoḋ Éire acu aċ ní ḃéad-sa acu! Aċ geallaim an méid seo ḋóiḃ. Má 'sé mo ḃás a ḃeiḋ acu ní h-i n-aisge a ḃeiḋ sé acu!”

Fé mar a ṫagaḋ na tuairisgí ḃíoḋ an saġas san cainte le clos níba ṁinicíġe, agus ḃíoḋ an maċtnaṁ a ḃíoḋ laistiġ de'n ċaint ag dul i ngéire i n-aġaiḋ an lae go dtí, fé ḋeire, go raiḃ sé socair i n-aigne gaċ fir ná raiḃ aige le caiṫeaṁ ar an saoġal so aċ go dtí lá an ċaṫa ṁóir sin a ḃí le teaċt, pé fada gairid go dtiocfaḋ sé, agus do ṫuig gaċ fear i n' aigne ná raiḃ a ṫuille saoġail uaiḋ. Bás a ḋ'ḟáġail an lá san, ar son Gaeḋal Éirean agus ar son Ċreidiṁ Ċríost, tar éis an éirliġ ba ṁó a ḋ'ḟéadfaḋ sé do ḋéanaṁ ar an naṁaid iasaċta, air sin iseaḋ ḃí aigne gaċ fir socair. Níor ċuiṁniġ aoinne ar cad a ḋéanfaḋ sé ná ar conus a ṁairfeaḋ sé dá dtagaḋ sé saor ó'n gcaṫ agus an buaḋ ag Gaeḋlaiḃ. Níor ḃeag, dar le gaċ duine, ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ air sin nuair a ḃéaḋ san aṁlaiḋ.

Ḃí aigne na ḃfear socair ar an gcuma san ní h-aṁáin i gcualaċt an Árdríġ, ar an gcuaird, aċ fós i dteiġlaċ gaċ ríġ cúige n-ar ċaiṫ an t-Árdríġ raint laeṫanta ann, agus ins na daingeanaiḃ a ḃí curṫa suas ag an Árdríġ, agus ins gaċ aon ḃall 'n-ar ċuaiḋ caint na ḃfear san agus a n-anál fé'n bpoibiliḋeaċt. Ḃí aigne a mban ċóṁ socair air sin agus ḃí aigne na ḃfear. Nuair a ṫiocfaḋ an lá ní ḟanfaidís sa ḃaile i ndiaiġ na ḃfear. Do raiġdís isteaċ sa ċaṫ agus do ṫaḃarfaidís gaċ congnaṁ dos na fearaiḃ, agus dá mbéaḋ buaḋ ag an naṁaid iasaċta ní ḃéaḋ aon ḃean acu beó i n-Éirinn i ndiaiġ an ċaṫa. Ġeóḃdís bás i dteannta na ḃfear. Agus dá mbéaḋ aon ḟear ċóṁ meaṫta san agus go dtaraingeóċ' sé siar ó ḟód a ḃáis, do ṡeasóċ' bean ar an ḃfód san agus ṫaḃarfaḋ sí aġaiḋ ar an naṁaid