Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/220

This page has not been proofread.
216
NIAṀ

“Cé h-é sin?”

“Cad as é?”

“Cad a ṫug anso é?”

“Cé 'ro díoḃ é?”

Do freagraḋ na ceisteanna fé mar a féadaḋ teaċt orṫa agus fé mar a ḃí eólus ag an muintir n-ar cuireaḋ ċúċa iad. Ansan do ċuaiḋ gaċ aoinne isteaċ i n'áit féin, ag déanaṁ a ġnóṫa féin, agus ċuaiḋ gaċ aon rud ċun suaiṁnis, gnó an ríġṫeiġlaiġ d'á ḋéanaṁ go cruinn agus go slaċtṁar mar ba ġnáṫ, na ríġṫe agus na h-uaisle, na sagairt agus na h-easboig, ag teaċt gaċ aon lá ċun cainte ḋéanaṁ leis an Árdríġ, agus an t-uaṫḃás bíḋ agus díġe, an t-uaṫbás aráin agus ime agus fíona agus feóla, d'á ċaiṫeaṁ gaċ aon lá sa ríġṫeiġlaċ, mar ba ġnáṫ.

Cúpla lá tar éis Ḃriain a ṫeaċt aḃaile do ṡocaruiġ Taḋg Mór ua Cealla ar ḋul aḃaile go h-Uíḃ Máine. Ḃí Brian, i gcaiṫeaṁ na cuairde, tar éis a ċur ar a súiliḃ dos na ríġṫiḃ go léir agus do ṫaoiseaċaiḃ na slóġ, nár ḃ' ḟios caṫin a ṫiocfaḋ an naṁaid, agus nár ḃ'ḟoláir do gaċ ríġ cúige agus do gaċ taoiseaċ airm agus do gaċ fear cinn riain, agus do'n uile ḋuine a ḃí i n-aon ċor ábalta ar arm do láiṁsiáil, ḃeiṫ ollaṁ, ċóṁ luaṫ agus ġeóḃdís an focal, ċun aġaiḋ a ṫaḃairt ar an naṁaid pé áit 'n-a dtaisbeánfaidís iad féin. Níor ḃ'ḟoláir do Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla, níḋ nár ḃ' iongnaḋ, dul siar go h-Uíḃ Máine agus a ṁuintir féin do ġleusaḋ agus d'ollaṁuġaḋ, agus a ċur ar a súiliḃ dóiḃ nár ṁór dóiḃ ḃeiṫ ollaṁ, ċóṁ maiṫ le cáċ, ċun aġaiḋ a ṫaḃairt ar an naṁaid ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ an ġlaoiḋ.

Ḃí Taḋg Óg ua Cealla ṫiar ċeana, ag déanaṁ na h-oibre sin, agus ba ṁaiṫ ċuige é, aċ má ḃí féin, agus má ba ṁaiṫ féin, do ṫuig an t-aṫair nár ḃ' alaiḋ ḋó féin gan dul siar, leis, agus ḃeiṫ ag feuċaint i ndiaiġ na h-oibre. Ḃí gaċ