Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/221

This page has not been proofread.
217
NIAṀ

ríġ cúige i n-Éirinn, go mór mór na ríġṫe a ḃí dílis do Ḃrian, ag gleusaḋ a neart féin, fé n-a súiliḃ féin, agus é daingean i n-aigne gaċ ríġ acu gur ḃ'é fód an ċaṫa, pé áit 'n-a raiḃ an fód san, fód a ḃáis. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla ċóṁ dílis do Ḃrian le h-aon ríġ cúige acu, agus ḃí an rud eile ċóṁ daingean i n-aigne Ṫaiḋg agus ḃí sé i n-aigne aoinne acu. Níor ḃ'ḟéidir do gan dul siar.

Agus níor ḃ'ḟéidir do Niaṁ gan dul siar i n-aonḟeaċt leis.

Is ar Ṫaḋg Óg a ḃí an t-áṫas nuair a ċonaic sé ċuige iad.

“Ó! a Niaṁ,” ar seisean, “is áluinn a ḋ' ḟeuċan tú! Ḋein an ċuaird sin ana ṫairḃṫe ḋuit. Tá do ġnaoí agus do ḋá ṡúil féin airís agat.”

Ṫug Niaṁ gaċ aon ċúntas dó ar an gcuaird, agus ar na tuairisgíḃ agus ar na ráflaíḃ a ḃí ag gluaiseaċt ins gaċ aon ḃall i dtaoḃ na naṁad iasaċta a ḃí ag teaċt go h-Éirinn ċun clanna Gaeḋal do ḋísgiuġaḋ agus seilḃ na tíre do ṫógaint dóiḃ féin. D'inis sí ḋó go cruinn an obair a ḃí déanta ag Brian ċun neart na nGaeḋal do ġleusaḋ i gcóir an ċogaiḋ ṁóir a ḃí ag teaċt, agus conus mar a ḃí fir Éirean socair 'n-a aigne ar ḃás a ḋ'ḟágail sa ċogaḋ san nuair a ṫiocfaḋ sé, nó ar ḃás a ṫaḃairt do'n naṁaid.

Ṫug sí ḋó go cruinn agus go mion tuairisg agus cúntas ar gaċ níḋ d'ár ṫuit amaċ ins gaċ aon áit 'n-ar ġaḃdar i gcaiṫeaṁ na cuairde. Agus d'inis sí ḋó go raiḃ Maol- mórḋa, ríġ Laiġean, ag teaċt go Ceann Cora i n- aċmaireaċt, ag taḃairt na gcrann leis i gcóir na loingeas a ḃí le déanaṁ ar linn Luimniġe.

“Siné anois agat, a Ṫaiḋg,” ar sise, “an sgéal go léir, ó'n lá ḟágamair an áit seo go dtí an lá a ṫánamair ṫar n-ais ann.”