Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/222

This page has not been proofread.
218
NIAṀ

CAIBIDIOL XVIII.

SGUAB-ḂUILLE ĊLAIḊEAṀ.

An lá a ċuaiḋ Niaṁ agus a h-aṫair go h-Uíḃ Máine, nó an lá 'n-a ḋiaiġ, ṫáinig Caoilte go Ceann Cora, agus níor ḃ' ḟios an mór de 'n doṁan a ḃí siúḃalta aige. Ċóṁ luaṫ agus ḃí bia caiṫte aige, agus a ṫuirse curṫa ḋé aige, ḃí sé féin agus Murċaḋ agus Brian i seómra fé leiṫ agus é ag taḃairt eóluis dóiḃ ar a ċuardaiḃ agus ar cad a ċonaic sé.

“Anonn go críċ Loċlan a ċuaḋas ar dtúis,” ar seisean, “a ríġṫe. Dúḃart liom féin go dtaḃarfainn fúṫa pé rud a ḋ'imṫeóċ' orm. Ní ḟeadar cé 'cu do h-aiṫniġeaḋ mé nó nár aiṫniġeaḋ. Má aiṫin aoinne mé níor leig sé air gur aiṫin sé mé.

“Níor ḟágas aon ṗioc d'á neart gan feuċaint agus do ḃreiṫniġeas a neart ċóṁ cruinn agus d'ḟéadas é ḃreiṫ- niuġaḋ. Táid na daoine go léir as a meaḃair, ba ḋóiċ le duine, le dúil teaċt go h-Éirinn agus seilḃ a ġlacaḋ i n-oileán na h-Éirean agus cur fúṫa ann. Tá sé buailte isteaċ 'n-a n-aigne go ḃfuil an t-oileán so ċóṁ saiḋḃir, agus an talaṁ ċóṁ torṫaṁail sin ann, náċ gáḋ dos na daoine gur leó é aon obair a ḋéanaṁ ag saoṫruġaḋ an tailiṁ. Ċím go soiléir go ḃfuil daoine éigin anso i n-Éirinn atá ag séideaḋ fúṫa agus ag cur neiṫe de'n tsórd san isteaċ 'n-a n-aigne. Pé cúis atá leis ní'l aon ṁeas i n-aon ċor acu ar a dtír féin, agus d'á luaṫaċt a ḃeid siad tagaiṫe anall anso i n-aonḟeaċt iseaḋ is fearr é, dar leó. Táid na mná agus an ċlann ċóṁ mór buile ċun teaċt agus atáid na fir, nó níos mó. Tá oiread loingeas ollaṁ acu agus ṫaḃarfaḋ anoir fiċe míle fear agus airm agus lón