Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/223

This page has not been proofread.
219
NIAṀ

dóiḃ. Is dóiċ leó féin go mbeiḋ deiċ míle fear acu, agus go dtógfaid na mná agus an ċlann suas oiread slíġe agus ṫógfaḋ deiċ míle eile fear.

“Ní ṁeasaim féin, tar éis na cainte go léir, go ḃféadfaid siad deiċ míle fear do ċur le ċéile agus do ṫaḃairt anso anoir. Ba ṁaiṫ an rud a ḃéaḋ déanta acu dá dtugaidís oċt míle fear leó i dteannta na mban agus na clainne.

“Ċuaḋas óṫuaiḋ go tír na h-Ioruaiḋe. Tá an obair ċéadna ar siúḃal ansan, agus an ḃuile ċéadna ar na daoine go léir ċun imṫeaċt as a dtír féin agus teaċt go h-Éirinn. Ní h-aon iongnaḋ an diṫineas a ḃeiṫ orṫa san ċun imṫiġṫe as a dtír féin. Ní'l sa ḃaile acu aċ beaṫa ċruaiḋ, agus tuillid siad go cruaiḋ í. Talaṁ fuar fiain neaṁ- ṫorṫaṁail atá acu. Tá obair ċruaiḋ acu le déanaṁ coitċianta, ag casaḋ leis an dtalaṁ a ṡaoṫruġaḋ, agus ansan, tar éis na sgláḃuiġeaċta go léir, ní ḃíon puínn de ḃár a saoṫair acu. Ní h-aon iongnaḋ diṫineas a ḃeiṫ orṫa ċun na tíre ḋ'ḟágáilt agus teaċt ċun cóṁnuiġṫe i dtír a ḋéanfaiḋ, dar leó, iad do ċoṫuġaḋ díoṁaoin. Tá daoine éigin ó Éirinn ag séideaḋ fúṫa san, leis, agus ag cur na smaointe sin isteaċ 'n-a n-aigne. Mura mbéaḋ go ḃfuil ní ṫiocfaḋ na smaointe ċúċa.”

“An mó míle fear is dóiċ leat, a Ḋuinn, a ḋ' ḟéadfaiḋ ríġ na h-Ioruaiḋe do ċur le ċéile agus do ṫaḃairt leis, má ṫagan sé?” arsa Brian.

“Déarfainn, a Árdríġ,” arsa Caoilte, “go gcuirfiḋ sé le ċéile trí nó ceaṫair de ṁíltiḃ fear. Tá beirt ṁac aige, fir ana ċróḋa. Fé'n mbeirt sin iseaḋ ḃeiḋ an tsluaġ. Beiḋ, is dóċa, trí nó ceaṫair de ṁíltiḃ ban agus leanḃ acu i dteannta na ḃfear. Is mó an diṫineas atá ar ṁnáiḃ na h-Ioruaiḋe ċun teaċt 'ná mar atá ar ṁnáiḃ tíre Loċlan. Tá sé 'n-a n-aigne ná beiḋ acu le déanaṁ nuair a ṫiocfaid