Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/224

This page has not been proofread.
220
NIAṀ

siad go h-Éirinn aċ bualaḋ isteaċ agus suiḋe síos. Tá duine éigin, nó daoine éigin, 'ġá gcur amú”, 'ġá gcur ar a n-aiṁleas, ag cur an duiḃ 'n-a ġeal ar na daoine boċta.”

“Comáin leat, a Ḋuinn,” arsa Brian.

“Ċuaḋas óṫuaiḋ go h-Ínsíḃ Orc, a Árdríġ,” arsa Caoilte. “Ċuireas mé féin i rioċt file, agus ṫógas cláirseaċ liom agus ṫánag go ríġṫeiġlaċ an Iarla Sígurd, Iarla na n-Ínsí sin Orc. Ḃí cuideaċta le ḃeiṫ ann. Ḃí cuireaḋ taḃarṫa ag Sígurd do'n Iarla Gilli, fear atá pósta agá ḋrifiúr. Ṫáinig an t-Iarla Gilli, fear driféur Ṡíguird. Ṫáinig a lán eile uaisle ann. Ḃí glaoḋaċ ar ċeól agus ṫugas dóiḃ an ceól. Cé ḃuailfeaḋ ċúġainn isteaċ aċ Sitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ. Do cuireaḋ fáilte roimis féin agus roime n-a ċualaċt. Ḃí fear ann a ṫáinig adtuaiḋ ó Inis Tuile. Ḃí cúntas aige 'á ṫaḃairt ar cad fé ndeara ḋó féin agus do raint eile de ṁuintir an oileáin sin imṫeaċt ó'n mbaile. Ḋeineadar coir ṫrom. D'éiriġ idir iad agus duin'uasal fóġanta a ḃí ann, agus ṁeasadar an duin'uasal do ċur ċun báis. Do ṫeip orṫa ar feaḋ aḃfad, mar ḃí clann ṁac ró ċróḋa aige agus do ċosain an ċlann ṁac é. Fé ḋeire do fuaradar lom ar ṫeiġlaċ an duin'uasail do losgaḋ, agus do loisgeadar 'n-a mbeaṫaiġ é féin agus a ḃean agus a ċlann istiġ 'n-a dtiġ féin. Nial ab ainim do'n duin'uasal. B'éigean do'n ṁuin- tir a ḋein an losgaḋ imṫeaċt as an oileán. Ṫánadar, nó ṫáinig cuid acu, go teiġlaċ Ṡíguird i n-Inis Orc. Gunar, nó Conċuḃar, ab ainim do'n ḟear a ḃí ag innsint an sgéil. An ḟaid a ḃí an sgéal ar siúḃal ṫáinig fear ċun an doruis, lasmuiċ, aċ níor ṫaisbeáin sé é féin. Cairí ab ainim do'n ḟear san, agus fear ana ċróḋa iseaḋ é. Cliaṁain iseaḋ é do'n duin'uasal a loisgeaḋ, agus ba ḋóbair go loisgtí é féin mar ḃí sé sa tiġ an oíḋċe do deineaḋ an losgaḋ. Ḃí sé ar an dtaoḃ amuiċ de ḋorus ríġṫeiġlaiġ Ṡíguird an