Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/225

This page has not been proofread.
221
NIAṀ

uair sin, agus ḃí sé ag éisteaċ leis an sgéal. Duine de'n ṁuintir a ḋein an losgaḋ ab eaḋ an fear a ḃí ag innsint an sgéil. Ḃí an dá Iarla ag an mbórd agus ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ eatarṫa, agus iad ag éisteaċt leis an sgéal. Ḃíos féin ag éisteaċt leis an sgéal agus mo ċláirseaċ fé m' uillinn agam. Do laḃair Sitric.

“‘Conus a ḋ'ḟuiling Scraṗádinn an teine, a Ġunair?’ ar seisean.

“‘Maiṫ go leór ar dtúis, a ríġ,’ arsa Gunar, ‘aċ nuair a rug an teas i gceart air do liúiġ sé agus do ġoil sé mar a ḋéanfaḋ seana ḃean.’

“Air éigin a ḃí an méid sin cainte as a ḃéal nuair a léim Cairí an dorus isteaċ agus suas ċun na h-áite 'n-a raiḃ Gunar 'n-a ṡuiḋe i n-aice an ḃúird ar aġaiḋ an ríġ agus an dá Iarla amaċ. Sar a' raiḃ ḟios ag aoinne cad a ḃí ar siúḃal aige do ṫaraing Cairí a ċlaiḋeaṁ agus le aon sguab-ḃuille aṁáin do ḃain sé an ceann de'n sgéalaíḋe. Ċuir sé a leiṫéid sin d'ḟuinneaṁ leis an mbuille gur léim an ceann isteaċ ar an mbórd, ar aġaiḋ Ṡitric agus an dá Iarla amaċ, agus go raiḃ an bórd lán d'ḟuil, mór-ṫímpal an ċinn, sar a raiḃ uain ag aoinne ar a ṫuisgint cad a ḃí tuitiṫe amaċ. Níor ḋein Cairí aċ feuċaint 'n-a ṫímpal agus ansan imṫeaċt amaċ. Níor lean aoinne é. Ar ball, nuair a ḃí caoi agam air, do ċromas ar ḋuine a ḃí am' aice do ċeistiuġaḋ. Do laḃras i gcaint na h-Ioruaiḋe.

“‘Cé h-é an ríġ sin, Sitric?’ arsa mise.

“‘Ó Éirinn andeas é sin,’ arsa'n duine liom. ‘Isé ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ é.’

“‘Agus cad a ṫug anso é?’ arsa mise.

“‘Do réir mar a ṫuigim,’ ar seisean, ‘is aṁlaiḋ a ṫáinig sé 'ġá iaraiḋ ar an dá Iarla, ar Ṡígurd agus ar Ġilli, a neart do ċur le ċéile agus dul leis go h-Éirinn ag caḃruġaḋ leis sa ċogaḋ so atá le déanaṁ i gcoinniḃ Ḃriain.’