“agus tá mórán loingeas ag Ospac. Tá taiṫiġe ag an uile ṡaġas luċt gadaiḋeaċta agus rabála ar ṫeaċt ag triall ar Ṡígurd nuair a ḃíon sé ag dul ar ċuaird tar faraige. Bíon deiṁne acu ar ċuid ṁaiṫ de'n ḟoġail a ḋ' ḟáġail dóiḃ féin. Is deacair tuairim a ṫaḃairt do'n méid nirt slóġ a ḋ' ḟéadfaiḋ sé a ṫaḃairt leis.”
“An ḃfuil aon tuairim acu,” arsa Murċaḋ, “do'n neart slóġ a ḃeiḋ 'n-a gcoinniḃ i n-Éirinn?”
“Tá tuairim acu, a ríġ,” arsa Caoilte, “náċ i n-aisge a ġeóḃaid siad seilḃ na h-Éirean, aċ ní'l aon ċuiṁneaṁ acu go ḃfuil aon ḃaoġal ná go ḃfaiġid siad an tseilḃ. Tá an méid sin curṫa 'n-a luiġe ar a n-aigne go daingean, agus is ó Éirinn a cuireaḋ 'n-a luiġe ar a n-aigne é.”
“Náċ mór an iongnaḋ nár aiṫin Sitric ṫú, a Ḋuinn,” arsa Brian.
“Fágaim le h-uaḋaċt, a Árdríġ,” arsa Caoilte, “gur bainead preab asam nuair a ċonac ag teaċt isteaċ é. Aċ ḃí an ċeilt ró ṁaiṫ orm. Ṫugas aire do'n ċláirsiġ, agus ḃí a ġnó féin ag déanaṁ buarṫa ḋó-san. D'á éagmuis sin ní dóiċ liom go n-aiṫneóċ' sé mé dá mba ná béaḋ aon ċeilt orm. Ní ró ṁinic a ċonaic sé riaṁ mé, agus níor ċuir sé puínn suime riaṁ ionam.”
“Táimíd go léir fé ċomaoine ṁór agat, a Ḋuinn,” arsa Brian. “Ní'l aon teóra le n-a ḃfuil d'eólus taḃarṫa agat ċúġainn, agus eólus tairḃṫeaċ iseaḋ é. Ní ḃeimís ollaṁ i gceart i n-aon ċor mura mbéaḋ a ḃfuil d'eólus taḃarṫa ċúġainn agat. Ṫiocfaidís a gan ḟios orainn mura mbéaḋ tú!”
Um an dtaca 'n-a raiḃ deire an eóluis taḃarṫa ḋóiḃ ag Caoilte do ġluais an focal tríd an ríġṫeiġlaċ go raiḃ Maolmórḋa, ríġ Laiġean, ag teaċt go Ceann Cora agus cualaċt le n-a ċois agus na trí crainn ṁóra acu 'á ṫaḃairt leó, ċun na gcrann seóil dos na loingeas a ḃí le déanaṁ as linn Luimníġe.