Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/230

This page has not been proofread.
226
NIAṀ

laeṫanta ċaiṫeaṁ ag caint agus ag cóṁluadar leis: Ṫáinig sé mar a raiḃ an Árdrígan, a ḋrifiúr.

“Seó, a Ġormḟlaiṫ,” ar seisean, “do ċailleas an cnaipe óir a ḃí sa ḃrat so agam. Feuċ a' ḃféadfá cnaipe do ċur ann dom.”

“Conus a ċaillis an cnaipe?” ar sise.

“Nuair a ḃíomair ag teaċt leis na trí crannaiḃ,” ar seisean, “ḃí muintir Uíḃ Fáilge fé ċrann acu agus muintir Uíḃ Faoláin fé ċrann eile agus muintir Ṁuireaḋaiġ fé'n dtríṁaḋ crann. Ḃíomair ag teaċt tré Ṡliaḃ an Ḃogaig. Níor ḃ'ḟéidir dos na trí buiḋniḃ gluaiseaċt i n-aonḟeaċt. Níor ḃ'ḟoláir dóiḃ gluaiseaċt i ndiaiġ 'ċéile. D' éiriġ eatarṫa feuċaint cé'cu buiḋean a ḃéaḋ ar tusaċ. Ḃí fearg ag teaċt orṫa. Ní ġéillfeaḋ aon ḃuiḋean acu do ḃuiḋean eile. Ṡíleas go mbéaḋ sé 'n-a ḃruiḋin ċaorṫainn eatarṫa. Níor ḋeineas féin aċ túirliocan de m' ċapal agus dul agus mo ġuala ċur fé'n gcrann a ḃí ag muintir Uíḃ Faoláin. Nuair a ċonaic an dá ḃuiḋin eile an méid sin ṫaraingeadar siar agus ḃí an tsíṫċáin againn. Nuair a ṫáinig meáġċaint an ċrainn ar mo ġualainn do sgeinn an cnaipe as an mbrat agus do ċailleas é.”

Ḃí Gormḟlaiṫ ag éisteaċt leis agus ag feuċaint air an ḟaid a ḃí sé ag caint. Nuair a stad sé níor ḋein sí aċ an brat do ċaiṫeaṁ sa teine. Do las an brat agus do loisgeaḋ 'n-a luaiṫriġ é os cóṁair na beirte agus iad ag feuċaint air. Brat ana ḋaor ab eaḋ é. Níor ḃ'ḟada roimis sin ó ṫug Brian do ríġ Laiġean é. Ḃí iongnaḋ agus alltaċt ar ríġ Laiġean nuair a ċonaic sé cad a ḃí déanta ag Gormḟlaiṫ. Ní ḟeidir sé an doṁan cad a ḃí ag eiriġe ḋi. Níor ḟág sí aḃfad gan eólus é. Do ṡeasaiṁ sí ar a aġaiḋ amaċ agus a gnúis áluinn ar lasaḋ le buile feirge, agus a ḋá súil, agus ba ḃreaġ an dá ṡúil iad, ag taiṫneaṁ le solus éigin nár ḃ' ḟóġanta. Do ċaoluiġ na faḃraí anuas