Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/234

This page has not been proofread.
230
NIAṀ

“Is do ríġ Laiġean a tugaḋ an easonóir ar dtúis,” arsa Brian. “Leigtear dó imṫeaċt slán aḃaile. Ansan raiġmíd soir agus bainfimíd sásaṁ dé agus dorus a ṫíġe féin.”

Ċóṁ luaṫ agus a fuair Gormḟlaiṫ go raiḃ ríġ Laiġean imṫiġṫe i ḃfeirg agus go raiḃ an easonóir taḃarṫa aige do ṫeaċtaire Ḃriain, ḃí ḟios aici go raiḃ sé n-a ċogaḋ ḋearg eatarṫa. Sin a raiḃ uaiṫi. Ċomáin sí teaċtaire go Baile Áṫa Cliaṫ ag triall ar Ṡitric agus ar Aṁlaoiḃ 'ġá innsint dóiḃ cad a ḃí tuitiṫe amaċ.

“Anois an t-am agaiḃ!” ar sise. “Tagaḋ ḃúr neart go léir ċóṁ tapaiḋ agus is féidir é. Beiḋ an gnó eile déanta agam-sa agus ag Lonán sar a mbeiḋ ḃúr neart cruinniġṫe, tagaiṫe.”



CAIBIDIOL XX.

RÍĠ LAIĠEAN.

Duine b'eaḋ ríġ Laiġean nár ċuir aoinne puínn suime i n-aon rud a ḋéanfaḋ sé ná i n-aon níḋ a déarfaḋ sé. Fear baoṫ ab eaḋ é. Ṁeas sé féin ná raiḃ duine ar biṫ dob' ḟearr ciall agus tuisgint 'ná é, aċ níor ḃ'é sin meas daoine eile air. Ḃí sé ollaṁ i gcóṁnuiġe ċun daoine eile do ċóṁairliuġaḋ. Do leigeaḋ daoine orṫa go nglacfaidís an ċóṁairle, aċ ní ġlacaidís. Ṫugaḋ sé a aigne do gaċ aoinne agus ní ṫugaḋ aoinne a aigne ḋó-san. Dá dtugaidís ní ċoimeádfaḋ sé rún. Ḃí sé ar ṫaoḃ na Loċlanaċ i gcaṫ Ġleanna Ṁáma agus ḃí sé amuiċ air gur mar ġeall ar ċóṁairle éigin a ṫug sé ḋóiḃ a ċuaiḋ an lá