Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/236

This page has not been proofread.
232
NIAṀ

ṁiosgais féin a ḃí aige d'á ṡásaṁ i gcoinniḃ Ḃriain. Ḃí gnó Ġormḟlaiṫ aige d'á ḋéanaṁ ċun a toile go h-iomlán agus ní raiḃ aon ḃaoġal go leigfeaḋ sé amaċ aon rún, mar níor tugaḋ dó aon rún.

Sar a raiḃ uain ag Maolmórḋa ar ḃeiṫ sa ḃaile ó Ċeann Cora ḃí teaċtaire Ġormḟlaiṫ i mBaile Áṫa Cliaṫ 'ġá innsint do Ṡitric cad a ḃí déanta. Ċóṁ luaṫ agus do ṡrois Maolmórḋa an baile siúd isteaċ go Baile Áṫa Cliaṫ é 'ġá innsint do Ṡitric cad a d'imṫiġ air i gCeann Cora agus 'ġá iaraiḋ air a ṗáirt do ġaḃáil i gcoinniḃ Ḃriain.

“Geóḃad, a ríġ,” arsa Sitric, “do ṗáirt i gcoinniḃ Ḃriain, agus ní mise aṁáin a ġeóḃaiḋ do ṗáirt 'n-a ċoinniḃ. Geóḃaiḋ ríġ Loċlan do ṗáirt 'n-a ċoinniḃ. Agus geóḃaiḋ ríġ na h-Ioruaiḋe do ṗáirt 'n-a ċoinniḃ. Agus geóḃaid ríġṫe náċ iad do ṗáirt 'n-a ċoinniḃ. Comáinfead teaċtairí láiṫreaċ ag triall orṫa 'ġá iaraiḋ orṫa teaċt anso go cuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ ċoṁ luaṫ i n-Éirinn agus is féidir é, ċun do ṗáirt-se ġaḃáil, agus díoltais a ḋéanaṁ ar Ḃrian agus ar a ċlainn mar ġeall ar a ḃfuil d' olc déanta acu ar ċlannaiḃ Loċlan le fada ḃliantaiḃ. Imṫiġ-se aḃaile, a ríġ,” ar seisean, “agus cruinniġ do neart agus cuir ṫu féin i dtreó, agus bí anso le d' ṡlóiġtiḃ nuair a ṫiocfaiḋ an neart iasaċta.”

D'imṫiġ ríġ Laiġean aḃaile agus ḋíriġ sé ar a ṡlóiġte do ċruinniuġaḋ agus do ġleusaḋ. D'inis sé do gaċ aoinne cad é an tarcuisne a tugaḋ dó i gCeann Cora, conus mar a caiṫeaḋ Gleann Ṁáma ins na súiliḃ air féin agus ar Laiġneaċaiḃ, agus conus mar adúḃairt Murċaḋ, mac Ḃriain, leis féin agus leis na Laiġneaċaiḃ gan aon dá ċuid a ḋéanaṁ d'á ndíċeal.

Do ċealg an ċaint sin na Laiġneaċa, agus dúḃradar go mbéaḋ lá eile acu féin agus go ndíolfaḋ Brian agus Murċaḋ, agus Clann Ċais go léir, a' Gleann Ṁáma.