ġnáṫ le Brian dul agus longṗort a ḋéanaṁ agus raint aimsire ċaiṫeaṁ, nuair a ḃíoḋ gnó aige le déanaṁ, aiġneas a ṡocaruġaḋ idir ríġṫiḃ, nó a smaċt féin do ċur i ḃfeiḋm. Ḃí aiṫne ṁaiṫ ag Dál gCais ar na bóiṫriḃ ó Ċeann Cora go Cill Ṁaiġneann.
Nuair a ḃí cuid ṁaiṫ aimsire caiṫte sa ċóṁairle, agus caint agus breiṫniuġaḋ déanta ar a lán neiṫe, táinig an t-am ċun dul agus bia ċaiṫeaṁ. Ṫáinig teaċtaire 'ġá ráḋ go raiḃ an bia ollaṁ. D'eiriġ an triúr agus ṫánadar go seómra an ḃíḋ. Ṡuiġdar ċun an ḃúird. Ṫáinig Gormḟlaiṫ agus ṡuiġ sí i n-aice an Árdríġ. Ḃí sí go séiṁ agus go soilḃir agus go gealġáiriteaċ leó, agus go mór mór leis an Árdríġ. Ḃí sí ag déanaṁ grínn agus suilt de'n ċuma 'n-ar ċuir ríġ Laiġean fearg ar Ṁurċaḋ nuair a ḋein sé an ḃagairt ar Ċonáing sa ċluiċe.
“Níor ḋéineas aon iongnaḋ de m' ḋriṫáir,” ar sise. “Fear iseaḋ é, is dóiċ liom, nár ṫeip an tuaṫal riaṁ air. Aċ do deiṁin agus go dearḃṫa níor ṁeasas go ndéanfaḋ Murċaḋ an rud a ḋein sé.”
“Cad a ḋeineas, a Árdrígan?” arsa Murċaḋ.
“Nuair a ṫagan fearg ort, a ríġ,” ar sise, “ní h-aon dóiċín tu. Aċ ní gnáṫ leat fearg a ṫeaċt ort gan puínn cúise.”
“Is fíor ḋuit, a Árdrígan,” ar seisean. “Ní raiḃ aon ċeart agam a ḋéanaṁ de'n sgéal aċ neaṁníḋ, mar ní raiḃ ann aċ neaṁníḋ. Is truaġ ná táinig sé ṫar n-ais nuair a ṫáinig an teaċtaire suas leis. Dá dtagaḋ d' adṁóċainn láiṫreaċ go raiḃ an éagcóir agam agus d'iarfainn air mo leaṫsgéal do ġaḃáil.”
Níor ċuir Brian ná Dúlainn aon ḟocal isteaċ sa ċóṁráḋ san. Níor ṁaiṫ leó tráċt i n-aon ċor ar an easonóir a tugaḋ do ṫeaċtaire an Árdríġ. Dar leó d'ḟéadfaḋ ríġ Laiġean diúltuġaḋ do ċasaḋ agus gan an