“Do ḋíolais mé!” ar sise le Lonán.
“Cad é an bríġ atá leis an obair seo?” arsa Brian agus d'ḟeuċ sé ó ḋuine go duine d'á raiḃ láiṫreaċ.
“Tá, a Árdríġ,” arsa Murċaḋ, “go ḃfuil oiread níṁe sa méid bíḋ atá ar na trí miasaiḃ beaga san agus ṁarḃóċ' trí naonḃúir, ní áiriġim triúr.”
D'ḟeuċ Brian ar Lonán.
“Cad ċuige ḋuit a leiṫéid sin de ġníoṁ a ḋéanaṁ?” ar seisean.
“Níor ḋein sé aċ an rud a dúḃraḋ leis a ḋéanaṁ,” arsa Murċaḋ.
“Ní ṡaorfaḋ san i n-aon ċor é!” arsa Brian.
“Osgail do ḃéal agus inis an ḟírinne do'n Árdríġ,” arsa Murċaḋ le Gormḟlaiṫ.
“Osgail-se féin do ḃéal,” arsa Gormḟlaiṫ, “agus inis an sgéal go léir dó. Is dóiċ liom gur tu is fearr eólus air.”
“Cad é an ainim atá ort-sa?” arsa Murċaḋ le Lonán.
“Lonán mac Beaṫaċ, a ríġ,” arsa Lonán.
“Airiú, an driṫáir do Ḋonn tu?” arsa Brian.
“Ó! Ó! Ó!” arsa Gormḟlaiṫ.
“Iseaḋ, a Árdríġ,” arsa Lonán.
“Tar i dtusaċ an sgéil, a Lonáin,” arsa Murċaḋ, “agus inis do'n Árdríġ é, tríd síos.”
“Déanfad sgéal gairid dé ḋuit, a Árdríġ,” arsa Lonán.
“Ṫánag aḃaile anso go h-Éirinn tar éis sgoileana agus coláistí an doṁain do ṡiúḃal, agus cruinniuġaḋ eóluis ar ġearántaiḃ agus ar ṫaomaiḃ an duine, agus ar na leiġseanaiḃ is fearr orṫa. Ní raḃas aḃfad sa ḃaile nuair a ċuir mo ḋriṫáir, Donn, níḋ am' ċóṁairle.
“‘Táṫar ar tí an t-Árdríġ do ċur ċun báis le niṁ,’ ar seisean. ‘Tá aireaċas maiṫ 'á ṫaḃairt dó,’ ar seisean, ‘aċ tá sgannra orainn go léir le h-eagla go ḃfaiġfí caoi ar an