Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/244

This page has not been proofread.
240
NIAṀ

Mura mbéaḋ san ní ḃuailfeá an bob orm-sa mar a ḃuailis. Is ábalta an buaċail tu,” ar sise. “Ṫáinig aṁras am' aigne cúpla uair go mb' ḟéidir go raḃais am' ṁeallaḋ, aċ ċuiris m' aigne ċun suaiṁnus gaċ uair acu le d' ṡímpliḋeaċt. Ó, is sleaṁain an bioránaċ tu! Is truaġ náċ ag triall orm féin a ṫáinís ar dtúis! Aċ nuair a ṫáinís ċúġam ó'n mbeirt sin cad ḟéadfainn a ráḋ! Cad é an díoḃáil dom aċ Aṁlaoiḃ.”

“Cé h-é Aṁlaoiḃ?” arsa Brian.

Ċrom gaċ aoinne a ċeann.

“Náċ é sin an t-ógánaċ úd a ṫagaḋ anso aníos ó Inis Caṫaiġ in-aonḟeaċt le mac Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla?” arsa Brian.

Níor laḃair aoinne, aċ do las gnúis Ṁurċaḋ.

“Ná neósfaiḋ aoinne ḋom cé h-é an t-óganaċ úd?” arsa Brian.

“Ní'l aċ aoinne aṁáin anso a ḋ'ḟéadfaḋ an ċeist sin do ḟreagairt duit, a aṫair,” arsa Murċaḋ, agus do laḃair sé go h-ana íseal.

D'éiriġ Brian ó'n mbórd agus d' imṫiġ sé amaċ gan feuċaint ar Ġormḟlaiṫ.

“Coimeádtar 'n-a prísúnaċ í,” arsa Murċaḋ le Dúlainn, agus d'imṫiġ sé amaċ i ndiaiġ an Árdríġ.

“Tá cárbat na h-Árdríġna féin ollaṁ amuiċ ċun bóṫair,” arsa Lonán. “Ḃíomair ċun imṫeaċt ar cos- anáirde go Baile Áṫa Cliaṫ,” ar seisean, “ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ an gníoṁ déanta,” agus ċuir sé gáire as.

“Imṫiġ amaċ agus inis an méid sin do Ṁurċaḋ,” arsa Dúlainn. “Taḃarfad-sa aire ḋi seo.”

D'imṫiġ Lonán amaċ. Ḃí Brian agus Murċaḋ amuiċ agus iad ag siúḃal síos agus suas agus Brian ag caint. D' airiġ sé an t-aon ḟocal aṁáin ó Ḃrian.

“Ní mac d' Aṁlaoiḃ é. Tuigim an sgéal go léir anois.”