Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/248

This page has not been proofread.
244
NIAṀ

a raġaiḋ sí síos ag triall air féin agus ar an gcoileán eile.”

“Is fearr,” arsa Brian, “an ċailís do ċur síos airís go mainistir Ínse Caṫaiġ, mar a raiḃ sí ċeana. I n-onóir do Ṡeanán iseaḋ ṫugas do'n ṁainistir í. Cuir síos ann airís í, a Ṁurċaḋ. Agus feuċ. Is ceart a ḋ'innsint do Ṁeargaċ gur fuaraḋ í. Beiḋ áṫas air. Ní deirim ná go ḃfeuċfaiḋ sé roimis sar a ndéanfaiḋ sé macṡaṁail eoċraċ airís, an fear boċt! Is dóiċ liom, leis, go dtaḃarfaiḋ Colla aireaċas níos fearr di féin agus do gaċ aon ċailís eile d'á ḃfuil aige.”

Do cuireaḋ síos an ċailís go dtí an ṁainistir. Ní miste a ráḋ ná go raiḃ áṫas ar Ċolla. Do h-innseaḋ an sgéal do Ṁeargaċ. Ḃí áṫas air. Ḃí seirḃṫean, leis, air, ċuige féin. Níor ḃ' ḟuiriste a ḃreiṫniuġaḋ, áṁṫaċ, cé 'cu ag an áṫas nó ag an seirḃṫean a ḃí an láṁ-uaċtair i n' aigne.

Do h-osgalaḋ an córṫa láidir sa n-érdam agus do tógaḋ amaċ as an bosca iarainn a ḃí folaṁ. Do cuireaḋ an ċailís ḋaor isteaċ airís sa ḃosca ḃeag iarainn sin, mar a raiḃ sí ċeana, sar a dtáinig an t-ógánaċ Loċlanaċ úd, an t-óganaċ breaġ daṫaṁail úd, a ḃí ċóṁ naoṁṫa, ċóṁ séiṁ, ċóṁ grianaċ, ċóṁ gealġáiriteaċ, ċóṁ h-osgailte 'n-a ṁeón, gur ḋóiċ le duine ná raiḃ 'n-a ċroíḋe ar fad aċ fírinne agus dílse. Ḋein Meargaċ glas eile agus eoċair eile do'n ḃosca, agus ní baoġal gur ḋein sé macṡaṁail do'n eoċair sin.

Ní ḃfuair Art mac Duiḃ amaċ riaṁ go raiḃ sé ar feaḋ tamail i n-a leiṫéid de ċontaḃairt. Ní ḃfuair na manaiġ amaċ, ó'n lá a cuireaḋ an ċailís sa ḃosca san ar dtúis go dtí an lá a cuireaḋ iad féin as an oileán, go raiḃ an bosca folaṁ ar feaḋ tamail agus an ċailís ḋaor imṫiġṫe.

Ṫáinig an Legáid céadna airís, tar éis suim blianta. B' í céad ċeist a ċuir sé ar Ċolla, ċóṁ luaṫ agus d'ḟéad