sé laḃairt a gan ḟios leis, 'ná, “An ḃfuaraḋ an ċailís?”
Do taisbeánaḋ dó í. Ḃí áṫas mór air. Do h-innseaḋ an sgéal go léir dó; conus a ġuid Aṁlaoiḃ an ċailís; conus a cuireaḋ Niaṁ ag faire ar Ġormḟlaiṫ le h-eagla go dtaḃarfaḋ sí níṁ do Ḃrian; conus ab éigean Niaṁ a ṫógaint as an obair sin mar go raiḃ Gormḟlaiṫ 'ġá cur ċun báis le neart soilḃris agus cuideaċtanais agus gealġáirí. Ansan do h-innseaḋ dó conus a h-imireaḋ an cleas ar Ġormḟlaiṫ; conus a cuireaḋ Lonán ċúici ag caḃruġaḋ léi, mar ḋ'eaḋ, ċun an ġníṁ a ḋéanaṁ, agus conus mar a ḃí Brian ó ḃaoġal ar fad an ḟaid a ḃí an caḃruġaḋ san ar siúḃal, agus cad é an deire a ḃí ar an gcaḃruġaḋ. Do ġáireaḋ an Legáid airís agus airís eile nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an gcuma na mbíoḋ an ḃeirt, Gormḟlaiṫ agus Lonán, ag déanaṁ a ngnóṫa ċóṁ disgréid- eaċ, agus an disgréid go léir ag Lonán 'á ṫaḃairt do Ṁurċaḋ i gcaiṫeaṁ na h-aimsire.
“Ó!” a deireaḋ sé, “do tugaḋ a srian féin dí ar áilleaċt an doṁain! An ḃean ḃoċt!”
Do ṡrois an ḃeirt ṁarcaċ an ċaṫair. Ṫánadar go dorus ríġṫeiġlaiġ an ríġ. Do rugaḋ an leitir isteaċ. Do léiġ Sitric í. Ḃí Aṁlaoiḃ ann. Ḃí an ḃeirt ag faire agus ag feiṫeaṁ. Ḃíodar ag braṫ, i n-aġaiḋ gaċ neómait, ar sgéal uaṫḃásaċ a ḋ'aireaċtaint ó Ċeann Cora. Nuair a ṫáinig an leitir ḃí an ḃeirt deiṁniġṫeaċ go raiḃ an sgéal a ḃí uaṫa sa leitir. Ní raiḃ aon níḋ iongantaċ sa leitir. Leitir ó Ḋúlainn ab eaḋ í 'ġá innsint go raiḃ an Árdrígan ag teaċt agus 'ġá iaraiḋ ar an ríġ, ar Ṡitric, dul 'n-a coinniḃ ċun í ṫionnlacan go h-Áṫ Cliaṫ. Ṫáinig an ḃeirt amaċ mar a raiḃ an dá ṁarcaċ. D'ḟeuċadar orṫa, agus d'ḟeuċadar ar a ċéile.