Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/250

This page has not been proofread.
246
NIAṀ

“Cad é an sgéal ó Ċeann Cora agaiḃ é, a ḟeara?” arsa Sitric.

“Mar ba ġnáṫ, a ríġ. Níor ṫugamair aon nuaċt linn,” arsa duine de'n ḃeirt.

“Conus tá an t-Árdríġ?” arsa Sitric.

“Go h-ana ṁaiṫ, a ríġ,” arsa'n fear a laḃair.

“Agus an Ríġḋaṁna, conus tá sé?” arsa Sitric.

“Go h-áluinn, a ríġ,” arsa'n fear.

“Agus Dúlainn, conus tá sé?” arsa Sitric.

“Tá sé go maiṫ, a ríġ,” arsa'n fear. “Is fé n-a láiṁ atá na fir atá ag tionnlacan na h-Árdríġna,” ar seisean.

“Tá go maiṫ,” arsa Sitric. “Téiḋiġ-se isteaċ go gcurfar cóir oraiḃ. Ní iarfar oraiḃ dul ċun bóṫair airís indiu.”

“Gura maiṫ ag ḃúr Soillse!” arsa'n fear, agus d'imṫiġ an ḃeirt.

“Cad deirir leis an sgéal?” arsa Sitric le h-Aṁlaoiḃ.

“Ní féidir liom tón ná ceann a ḋ'ḟáġail air!” arsa Aṁlaoiḃ.

D'imṫiġ Sitric agus ċuir sé dírim marcaċ ar bóṫar, agus ġluais sé ċun siúḃail. Níor ḟéad sé gan gluaiseaċt ana ġéar. Ċonaic an dírim eile ċúċa é aḃfad sar ar ṁeasadar a ċífidís é. D'úṁluiġdar d'á ċéile mar ba ċóir. Ṫug Dúlainn an Árdrígan suas d'á mac, agus d'iompuiġ sé féin agus a ċualaċt aḃaile. Níor ḃ' ḟada go raiḃ an ċualaċt eile sa ċaṫair. Focal amaċ as a béal níor laḃair Gormḟlaiṫ go dtí go raiḃ an triúr i ḃfoċair a ċéile istiġ agus gan aoinne ann aċ iad. Ansan do laḃair sí agus níor ṁaiṫ leat ḃeiṫ ag éisteaċt léi.

“Seaḋ!” ar sise, “ḋeineaḃair go deas é! Ní miste gnó ṫaḃairt do ḃeirt agaiḃ le déanaṁ!”

“Cad a ḋeineamair, a ṁáṫair?” arsa Sitric.

“Inis an méid seo ḋom,” ar sise. “Cá ḃfuarais Lonán? nó an ḃfuil ḟios agat cé h-é?”