Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/251

This page has not been proofread.
247
NIAṀ

“Liaġ tuisgionaċ iseaḋ é,” arsa Sitric. “Tá an t-eólus a ḋ'oir duit aige. Do ṡiúḃluiġ sé ċuige. Cad é sin dúinne cé h-é, aċ, mar a dúḃart leat, é ċroċaḋ ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ an obair déanta.”

Ḃí sí ag feuċaint ó ḋuine go duine acu an ḟaid a ḃí sé ag caint.

“Ó,” ar sise, “is deacair do ḋuine foiḋneaṁ le n-ḃúr leiṫéidí de ḃeirt amadán! Driṫáir do Ċaoilte iseaḋ é.” (Do léim an ḃeirt 'n-a seasaṁ.) “Ṫáinig sé anso ċúġaiḃ-se 'ġá leigint air go raiḃ fuaṫ aige do Ḃrian. Ċuireaḃair-se ag triall orm-sa é, an rud a ḃí uaiḋ. Ḃí iontaoiḃ agam-sa as mar ġeall ar é ṫeaċt ċúġam uaiḃ-se. D' oibríġmair araon a' láiṁ a ċéile. Níor ċuireamair cor dínn nár inis sé do Ṁurċaḋ ċóṁ luaṫ agus ċuireamair dínn é. Díreaċ nuair a ḃí an obair náċ mór déanta do sgéiḋ sé. Ċuir sé na trí miasa níṁe os cóṁair an trír. Ṫaraing Murċaḋ ċuige na trí miasa sar a raiḃ uain ar aoinne de'n ḃeirt eile ar an mbia do ḃlaiseaḋ. Ṫug Murċaḋ blúire de'n ḃia dom' ġaiḋrín. Ṫuit an gaiḋrín marḃ os cóṁair ár súl go léir. Ansan d'inis Lonán dóiḃ cé r' ḃ' é agus cad é an bob a ḃí buailte aige orm-sa. Ní féidir liom gan uraim a ḃeiṫ agam dó. Ċosain sé Brian orm ċóṁ h-áluinn agus do cosanaḋ aoinne riaṁ. Conus ḟéadfainn-se aon ḃeart eile ṫarang ċúġam an ḟaid a ḃí an iontaoiḃ agam a' Lonán agus sinn ag oibriuġaḋ a' láiṁ a ċéile! Níor ḃ'ḟéidir an gníoṁ a ḋéanaṁ gan sinn araon 'á ḋéanaṁ. Níor ḃaoġal do Ḃrian an ḟaid a ḃí láṁ Lonáin sa ġníoṁ, níḋ náċ iongnaḋ. Ní ḃéaḋ a láṁ sa ġníoṁ mura mbéaḋ é ṫeaċt ċúġam uaiḃ-se. Ó, táid siad go léir ag cur a n-anam amaċ ag gáirí umainn agus ag magaḋ fúinn! Agus gan aṁras tá a ċúis acu.”

Ċomáin sí léi ag caint. Níor laḃair aoinne de'n ḃeirt eile go ceann aḃfad. Ar ball do laḃair Aṁlaoiḃ.