Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/257

This page has not been proofread.
253
NIAṀ

Ċóṁ luaṫ agus fuair gaċ ríġ agus gaċ taoiseaċ a leitir do ṫusnuiġdar ar na fir do ċruinniuġaḋ. Do ṫuig na daoine go léir an focal úd, “gur fearr go mór bás d' ḟáġail i gcaṫ 'ná luiġe fé smaċt Loċlanaċ anois.” Ṫuig gaċ aoinne gur ḃ' ḟearr an ḟaraige do ṫeaċt isteaċ ar Éirinn agus gan aon Ċríostaiḋe ḋ' ḟanṁaint beó ar an oileán 'ná slioċt Gaeḋal do luiġe fé smaċt na Loċlanaċ an uair sin. D'á ḃríġ sin, na mná agus na seandaoine a ḃí ag fanṁaint sa ḃaile níor ḋeineadar buairt ná gol ná ologón. Má ḃí an ḃuairt orṫa, agus is dóċa go raiḃ, níor ṫaisbeánadar puínn dé.

Na mná a ḃí pósta agus go raiḃ cúram clainne orṫa d'ḟanadar sa ḃaile, aċ má ḟanadar níor airiġ aoinne osna ó aoinne acu, ná ní ḟeacaiḋ aoinne deóir le n-a súil. Is dóċa gur ṡileadar a ndóṫin díoḃ nuair ná raiḃ aoinne ag feuċaint orṫa. Níor ḟan na cailíní óga sa ḃaile. Ċuadar i n-aonḟeaċt le n-a ndriṫáraċaiḃ ċun bíḋ a ḋ' ollaṁuġaḋ ḋóiḃ ar an slíġ agus ċun éadaiġ a níġe ḋóiḃ nuair ba ġáḋ é, agus ċun banaltranais a ḋéanaṁ orṫa tar éis an ċaṫa dá mbéaḋ gáḋ acu leis. Ḃí mná na nGaeḋal go léir, óg agus críona, ana ṫuisgionaċ sa n-obair sin.

Ċóṁ luaṫ agus fuair na h-easboig agus na sagairt agus na h-abbana ins na mainistreaċaiḃ na leitireaċa, do cuireaḋ an guiḋe ar siúḃal ins gaċ aon ḃall láiṫreaċ. Ḃí na h-Aifrinní ins na h-eaglaisiḃ gaċ maidion ar an íntinn sin Ḃriain agus na pobuil ag guiḋe ar an íntinn gcéadna, agus na manaiġ ag guiḋe ins na mainistreaċaiḃ, ní h-aṁáin sa lá aċ i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe leis. Ċaiṫidís an oíḋċe i láṫair na h-Altóraċ 'ġá iaraiḋ ar an Slánuiġṫeóir, tré ímpíḋe na Maiġdine Muire agus tré ímpíḋe Ṗádraig agus Ḃríġde agus Ċolum Cille, gan an buaḋ ṫaḃairt dos na Loċlanaiġ sa ċaṫ uaṫḃásaċ a ḃí ag teaċt. Ní miste a ráḋ ná gur ḋeineadar a nguiḋe go dúrṫaċtaċ, mar ḃí ḟios acu