go dian ṁaiṫ cad a ḃí le h-imṫeaċt orṫa féin agus ar na mainistreaċaiḃ dá mbeireaḋ na Loċlanaiġ buaḋ. Ḃíodar go léir ollaṁ, gan aṁras, ar ḃás a ḋ'ḟulang ar son an Ċreidiṁ, aċ ḃí ḟios acu, dá mbeireaḋ na Loċlanaiġ buaḋ an ċaṫa san a ḃí ag teaċt an uair sin, go gcuirfidís an Creideaṁ féin ar neaṁníḋ i dteannta na ndaoine do ċur ċun báis. D'á ḃríġ sin do leanadar ag guiḋe go cruaiḋ, do ló agus d' oíḋċe, agus ag déanaṁ trosgaiḋ go dian, an ḟaid a lean an ċontaḃairt.
Níor ḃ' ḟada go ḃfeacaṫas ag gluaiseaċt na bóiṫre soir óṫuaiḋ, ó gaċ aon ṗáirt de'n Ṁúṁain, mar a ḃéaḋ soċraidí móra fada, na fir ċróḋa, fir ḃreaġṫa óga láidire, fir go raiḃ socair 'n-a n-aigne acu gan teaċt ṫar n-ais beó ó'n gcogaḋ dá mbéaḋ buaḋ ag Loċlanaiġ. Ag maċtnaṁ ar an níḋ sin dóiḃ ṡocaruiġdar 'n-a n-aigne ná tiocfaidís ṫar n-ais beó pé taoḃ a ḃuadfaḋ. Ṡocaruiġdar 'n-a n-aigne d'á luiġead eagla ḃéaḋ acu roimis an mbás gur ḃ' eaḋ b'ḟearr a ḋéanfaidís an troid agus gur ḃ'eaḋ ba ṁó an t-éirleaċ a ḋéanfaidís ar na Loċlanaiġ, agus, ar san, gur ḃ'eaḋ ba ḋóiċíġ-de an buaḋ ḃeiṫ ag Gaeḋlaiḃ agus an caṫ do ḃriseaḋ ar na Loċlanaiġ. Ċuaiḋ an socaruġaḋ san 'n-a luiġe ċóṁ daingean san ar a n-aigne gur ġnáṫ eatarṫa, 'n-a gcóṁráḋ, agus gan acu 'á ḋéanaṁ dé aċ cúis ġáire, an focal, “Pé duine ṫiocfaiḋ ṫar n-ais ná ná tiocfaiḋ, ní ṫiocfad-sa ṫar n-ais.”
“Siní an ċaint! Ní ċun teaċt ṫar n-ais atáimíd ag dul sa ċaṫ so!” a déarfaḋ duine eile.
“Caiṫfead bás a ḋ'ḟáġail uair éigin. Ní ṫiocfaiḋ uair ċoíḋċe a ḃeiḋ níos fearr ar gaċ aon tsaġas cuma ċun báis a ḋ'ḟáġail 'ná an uair a ċífead na biṫeaṁnaiġ ar m' aġaiḋ amaċ agus an t-arm am' láiṁ!” adéarfaḋ an tríṁaḋ duine.
“Agus d'á éaġmuis sin,” adéarfaḋ an ceaṫraṁaḋ duine,