Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/259

This page has not been proofread.
255
NIAṀ

“is bás ar son an Ċreidiṁ é, agus an t-é a ḋ'ḟuiling eóċaiḋ bás ar son an Ċreidiṁ raġaiḋ a anam suas láiṫreaċ go h-aoiḃneas na ḃFlaṫas! Dá dtagainn ṫar n-ais agus maireaċtaint fiċe bliain eile, b'ḟéidir nár ró ṁór an deiṁne a ḃéaḋ agam air sin. Déanfaiḋ na Loċlanaiġ a ngnó go h-olc nó ní ṫiocfaiḋ aon ċos díom-sa ṫar n-ais.”

Siné saġas cainte a ḃíoḋ ar siúḃal acu agus iad ag gluaiseaċt na bóiṫre soir óṫuaiḋ 'n-a soċraidíḃ móra fada. Ḃíoḋ na seandaoine ar na cnucánaiḃ ag feuċaint orṫa ag gluaiseaċt, agus do lasaḋ a gcuid fola le dásaċt, agus, “Ó!” adeiridís, “Naċ truaġ gan mé óg airís!” Ċídís na fir agus na gaṫana breaġṫa fada 'n-a láṁaiḃ acu agus reana glasa, cruaḋa, géara na ngaṫana san ag taiṫneaṁ agus ag spréaċarnaiġ sa ġréin, agus na tuaġana ar ġuailliḃ na ḃfear, agus na brataċa ar a gcrannaiḃ i dtusaċ gaċ buiḋne, ag luasgaḋ sa ġaoiṫ; agus gaċ buiḋean ag gluaiseaċt go breaġ, réiḋ, stuamḋa, cos le cois, guala le gualainn, agus an ḃuiḋean ag casaḋ fé mar a ċasaḋ an bóṫar agus ag díriuġaḋ nuair a ḋíriġeaḋ an bóṫar. Ċíoḋ na seandaoine ar na cnucánaiḃ an obair go léir, agus do ġluaiseaḋ an tsean'ḟuil trés na sean ḟéiṫeaċaiḃ, 'n-a caisíḃ teine, agus ṫagaḋ luas croíḋe ar na seandaoiniḃ, agus, “Ó!” adeiridís, “Náċ truaġ ċráiḋte gan mé óg airís!”