Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/263

This page has not been proofread.
259
NIAṀ

aige fé smaċt Ḃruadair. Agus dúḃairt sé gur ḃ'é a ṫuairim go ḃfuilid siad go léir istiġ i gcuan Áṫa Cliaṫ um an dtaca so nó geall leis.”

“Ó! foṫ, foṫ!” arsa Taḋg Mór. “Ní ḃeimíd i n-am i n-aon ċor!”

Le n-a linn sin cé ḃuailfeaḋ ċúċa isteaċ aċ Taḋg Óg ua Cealla agus Conn agus aṫair Ċuinn, Maolruanaiḋ na Paidre, ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne. Do cuireḋ fáilte roimis an ríġ agus roim Ċonn.

“Ḃíomair díreaċ ollaṁ ar imṫeaċt,” arsa Maolruanaiḋ, “aċ ní ḃéaḋ Conn sásta gan teaċt feuċaint an raḃaḃair-se ollaṁ. Deir sé, agus is dóċa gur fíor ḋó é, gur fearra ḋúinn coimeád i n-aice ċéile ar an slíġ, agus ansan coimeád i n-aice ċéile sa ċaṫ, leis, má ḟéadaimíd é.”

“Tá an ceart aige, a ríġ,” arsa Caoilte. “Is 'mó cuma 'n-a ndéanfaimíd áise d'á ċéile má ċoimeádaimíd i n-aice ċéile, 'sé sin, aċ gan ḃeiṫ ró aċmair d'á ċéile. An 'ṁó fear a ḃeiḋ agaiḃ, a Ċuinn?” ar seisean.

“Beiḋ breis agus fiċe céad fear, is dóiċ liom”, arsa Conn. “An ḃfuil Niaṁ ag teaċt?” ar seisean.

“Tá, Niaṁ ag teaċt,” arsa Niaṁ féin; “ná bíoḋ aon ṗioc d'á ṁearḃall ort-sa ná ar aoinne eile,” ar sise.

“Ní ḟanfaiḋ Niaṁ i n-aon ḃall i ndiaiġ a h-aṫar,” arsa Taḋg Mór ua Cealla.

“Is maiṫ an inġean a ṫug Dia ḋuit, a ríġ,” arsa Maolruanaiḋ, “nuair a ṫug sé Niaṁ duit. Tá súil agam go gcuiṁniġean tú go minic air sin, agus go dtugan tu buiḋċas do Ḋia mar ġeall air.”

Ríġ ana ḋiaḋa ab eaḋ Maolruanaiḋ na Paidre. Ḃíoḋ sé coitċianta ag maċtnaṁ i láṫair an Aṫar Síoruíḋe, agus, as an maċtnaṁ, ḃíoḋ sé coitċianta ag laḃairt leis an Aṫair Síoruíḋe. Ṫuigeaḋ sé i n' aigne ná raiḃ aon tsaġas cainte ba ċirte ċun laḃarṫa leis an Aṫair