Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/264

This page has not been proofread.
260
NIAṀ

Síoruíḋe 'ná an ċaint a ċuir ár Slánuiġṫeóir i mbéalaiḃ na gCríostaiḋṫe ċun laḃarṫa leis an Aṫair Síoruíḋe. D'á ḃríġ sin, nuair a laḃraḋ sé leis an Aṫair Síoruíḋe is, “Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, etc.” adeireaḋ sé. Ḃíoḋ sé ag ráḋ na Paidre sin coitċianta, agus do tugaḋ an ainim, “Maolruanaiḋ na Paidre,” air mar ġeall air sin. Fear ana láidir, ana ċróḋa, ab eaḋ é, agus mura raiḃ eagla ag na Loċlanaiġ roime n-a Ṗaidir ní baoġal ná go raiḃ eagla acu roime n-a ṫuaiġ.

Níor ḃ' ḟada go raḃdar go léir ollaṁ ċun bóṫair. Ḃí cárbat áluinn ag Niaṁ, agus ḃí beirt d'á mnáiḃ coíṁdeaċta sa ċárbat i n-aonḟeaċt léi, aċ tugaḋ sí a lán d'á h-aimsir ameasg na mban óg eile a ḃí ag dul ó'n mbaile, i n-aonḟeaċt leis na fearaiḃ, agus í 'ġá stiúruġaḋ agus 'ġá ṫaisbeáint dóiḃ conus na h-éadaí lín a ṫeastóċ' uaṫa ar ball, do ċur ċúċa agus do ċoimeád i n-eagar.

D'ḟan an dá ḃuiḋean san, buiḋean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla agus buiḋean Ṁaoilruanaiḋ na Paidre, i n-aice ċéile ar an slíġ, agus ḃíoḋ Conn agus Caoilte i gcóṁluadar a ċéile go mór. B'éigean do Ċaoilte an sgéal go léir ó ṫusaċ go deire a ḋ'innsint do Ċonn, conus a ċuir Sitric agus Aṁlaoiḃ an fear ó Áṫ Cliaṫ ċun Briain do ċur ċun báis le niṁ, agus gur ḃ'é fear a ċuireadar uaṫa ċun na h-oibre sin a ḋéanaṁ 'ná Lonán, driṫáir Ċaoilte, an fear, ṫar a raiḃ d'ḟearaiḃ i n-Éirinn, dob' ḟearr a ḋéanfaḋ Brian do ċosaint ar an mnaoi a ḃí ceapaiṫe ar an niṁ a ṫaḃairt dó.

Do ġluais na buiḋeana eile ó gaċ aon ṗáirt de Ċúige Conaċt, na bóiṫre soir, i dtreó na h-áite 'n-ar ġnáṫ le Brian longṗort a ḋéanaṁ, i n-aice Áṫa Cliaṫ. Ṫáinig an dá ḃuiḋean, buiḋean Ua Máine agus buiḋean Ua ḃFiaċraċ Áiḋne, go Ceann Cora, ċun ḃeiṫ i n-aonḟeaċt le buiḋin an Árdríġ. Ansan do ġluaiseadar féin agus buiḋean an Árdríġ an bóṫar soir óṫuaiḋ.