Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/265

This page has not been proofread.
261
NIAṀ

Díreaċ sar ar ḟágadar Ceann Cora ṫáinig teaċtaire ó ríġ Laiġean ag triall ar an Árdríġ agus ṫug sé leitir do'n Árdríġ, agus sidiad na focail a ḃí sa leitir sin.

“A Árdríġ Éirean,

“Do tugaḋ easonóir dóṁ-sa ad' ríġṫeiġlaċ-sa i gCeann Cora. Tar anois agus cosain ṫu féin orm, mar táim ceapaiṫe ar an easonóir sin do ḋíoġailt ort-sa agus ar do ċlainn, agus ar Ḋál gCais.

“Mise Maolmórḋa

“Ríġ Laiġean.”

Do léiġ Brian an leitir. Ansan do sgríḃ sé ar ḋrom na leitire na focail:—

“Táim ag teaċt, a ḋriṫáir. Feuċ ċúġat féin.

“Mise Brian.”

“Seo, a ġiolla,” ar seisean leis an dteaċtaire. “Beir ṫar n-ais í.”

Ṫóg an teaċtaire an leitir agus do rug sé leis ṫar n-ais í.

Ní raiḃ um an dtaca san bóṫar andeas ná bóṫar aniar ná bóṫar óṫuaiḋ tré Ċúige Laiġean ná raiḃ clúdaiṫe leis na buiḋniḃ fear agus iad ag gluaiseaċt 'n-a míltiḃ, fé n-a ríġṫiḃ agus fé n-a dtaoiseaċaiḃ, agus a n-airm ar a nguailliḃ, agus a mbrataċa breaġṫa síoda anáirde ar a gcrannaiḃ ag lúbaḋ agus ag luasgaḋ sa ġaoiṫ, agus a n-aġaiḋ go léir ar an áit 'n-ar ġnáṫ le Brian a longṗort a ḋéanaṁ, i n-aice Áṫa Cliaṫ. Agus ní raiḃ ins na buiḋniḃ sin go léir oiread agus aon ḟear aṁáin ná raiḃ socair go daingean i n' aigne aige gan teaċt ṫar n-ais beó.

“Má's ag Loċlanaiġ a ḃeiḋ buaḋ,” a deiridís, “is fearr gan teaċt ṫar n-ais beó. Má's ag Gaeḋlaiḃ a ḃeiḋ buaḋ bíoḋ a ṫoraḋ ag an muintir atá sa ḃaile i n-ár ndiaiġ. Pé taoḃ ar a mbeiḋ buaḋ, díolfaid na Loċlanaiġ as.”