Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/269

This page has not been proofread.
265
NIAṀ

ċruinniuġaḋ go cuṫaiġ. Fíorfair an focal úd a dúḃraís le Murċaḋ; ‘Má cailleaḋ Gleann Ṁáṁa tré m' ċóṁairle,’ arsa tusa, ‘buaḋfar Gleann Ṁáma eile tré m' ċóṁairle.’ An t-annsgian! Mura mbéaḋ an ḃeirt seo ḃeiṫ ċóṁ símpliḋe,” ar sise, “ḃéaḋ sé féin agus a aṫair agus Dúlainn fé 'n ḃfód go tréiṫ anois.”

“Ní gáḋ ḋuit é ċur ar an mbeirt seo, a ṁáṫair,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ḃí aimsir do ḋóṫin agat ċun an ġníṁ a ḋéanaṁ sar a ndéiġ Lonán ag triall ort, agus níor ḋeinis é. Níor ḋeinis, agus ní ḋéanfá ó ṡin é, pé caoi a ḃéaḋ agat air, an ḟaid a ḃéaḋ inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla at' aice! Is dóiċ liom,” ar seisean, “dá mbéaḋ sí aḃfad at' aice go ndéanfaḋ sí mírḃuilt ort, a ṁáṫair,” agus ċuir sé drana ġáire as. Níor ḋeas an drana-ġáire é, ḃí sé ċóṁ diablaíḋe agus an ġnúis ċóṁ h-áluinn, ċóṁ h-óg. An t-é a ċífeaḋ an ġnúis sin an uair sin agus an drana- ġáire, déarfaḋ sé go raiḃ duine i n-éaġmuis Ġormḟlaiṫ gur ḃ'ḟéidir a ḋiaḃal coíṁdeaċta a ḋ'ḟeisgint uaireanta. Ċonaic Béibionn diaḃal coíṁdeaċta Aṁlaoiḃ an uair sin, agus ċoimeád sí cuiṁne air.

“Cad é sin agat ḋ'á ráḋ, a ċoileáin!” arsa Gormḟlaiṫ. “Cad í an ṁírḃuilt a ḋéanfaḋ sí orm!”

“Ḋéanfaḋ sí naoṁ díot, a ṁáṫair,” ar seisean, “agus ba ṁór an ṁírḃuilt é,” agus do leaṫnuiġ an drana-ġáire.

Do stad sí agus í ag feuċaint air.

“Ní ḋéanfaḋ mírḃuilt féin naoṁ díot-sa!” ar sise.

“Foṫ, foṫ!” arsa Maolmórḋa, “ní'l aon tairḃṫe le teaċt as an saġas san cainte. Cuiriġ uaiḃ í. Ní deirim ná go ḃfuil rud déanta agam-sa do ċuirfiḋ ċun cinn an ḃeart so do ṫeip ar ṫriúr agaiḃ-se.”

Do léim Sitric agus ċuir sé bas ar ḃéal ríġ Laiġean, agus ṡín sé a ṁéar i dtreó na h-áite 'n-a raiḃ Béibionn 'n-a seasaṁ i lúib na finneóige. Ḋruid sí isteaċ sa lúib