Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/270

This page has not been proofread.
266
NIAṀ

sin nuair a ṫusnuiġ an ċaint ar ḋul i n-olcas idir Ġormḟlaiṫ agus Aṁlaoiḃ. D' airiġ sí an focal, áṁṫaċ, a' béal ríġ Laiġean, aċ níor leig sí uirṫi gur airiġ. Do riṫ cailín isteaċ, duine de ṁnáiḃ coíṁdeaċta Ḃéibionn.

“Ó!” ar sise, “tá an cuan lán de loingeas!”

Do riṫ gaċ aoinne amaċ aċ Béibionn.

“Tar a leiṫ, a laoġ,” ar sise leis an gcailín. “Ṫáinís anso i n-aonḟeaċt liom-sa,” ar sise. “Tá ḟios agam náċ miste ḋom rún a ṫaḃairt duit. Tá, mar is eól duit, mar is eól do gaċ aoinne, Loċlanaiġ an doṁain ag cruinniuġaḋ a neart i n-aġaiḋ na h-Éirean agus i n-aġaiḋ Árdríġ Éirean. Tá an t-Árdríġ ag cruinniuġaḋ neart na nGaeḋal ċun na h-Éirean do ċosaint. Tuigid ríġṫe Loċlanaċ dá mbéaḋ Árdríġ Éirean as an slíġ go dtuitfeaḋ cóṁaċt na nGaeḋal as a ċéile agus nár ḋeacair an láṁ uaċtair a ḋ' ḟáġail orṫa. Tá, d'á ḃríġ sin, iaraċt ṁalluiġṫe d'á déanaṁ le fada ar an Árdríġ do ċur ċun báis le niṁ. Tá teipiṫe glan ar an iaraċt san. Siné fé ndeara Gormḟlaiṫ a ḃeiṫ anso anois. Tá iaraċt eile d'á ḋéanaṁ anois. Tá feall éigin eile d'á ḋéanaṁ anois ar m' aṫair. D' airiġeas an focal ó ċiainiḃ ó ríġ Laiġean. ‘Tá rud déanta agam-sa,’ ar seisean, ‘do ċuirfiḋ ċun cinn an ḃeart so do ṫeip ar ṫriúr agaiḃ-se.’ Ní dúḃairt sé a ṫuille mar do ċuir Sitric láṁ ar a ḃéal. Ní dóiċ leó gur airiġeas-sa an focal. Ní mór sgéala ċur láiṫreaċ ag triall ar an Árdríġ. Indiu an lá ċun an ḟíona do ċur siar go Sórd Ċolum Cille. Imṫiġ, a laoġ, agus cuir an fíon sa ḃosca mar is gnáṫ leat a ḋéanaṁ, fíon Aifrinn, agus tar ċúġam anso nuair a ḃeiḋ san déanta agat.”

D'imṫiġ an cailín agus ċuir sí an fíon sa ḃosca. Ba ġnáṫ le Béibionn an fíon san do ċur ċun na mainistreaċ san, agus d'á ḃríġ sin níor ċuir aoinne aon tsuim sa rud a ḃí ag an gcailín 'á ḋéanaṁ. Nuair a ḃí an bosca i dtreó