Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/277

This page has not been proofread.
273
NIAṀ

'á geallaṁaint do gaċ aoinne aċ teaċt ag caḃruġaḋ le Sitric.

Pé ar doṁan é, ḃí Dóṁnall socair ar ṫeaċt go h-Éirinn ag caḃruġaḋ le Brian i gcoinniḃ na Loċlanaċ, aċ nuair airiġ sé an molaḋ a ḋein Caoilte ar inġín Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla ḃí sé socair níba ḋaingine, naoi n-uaire níba ḋaingine, ar ṫeaċt, agus ar an uile ḟear a ḋ' ḟéadfaḋ sé, do ṫaḃairt leis. Do laḃair sé leis an Mórṁaor eile, Mórṁaor Leaṁna a tugtar air sa tseanaċus, agus ċuir sé suas é ċun a nirt go léir do ċruinniuġaḋ ar an gcuma gcéadna agus teaċt go h-Éirinn ag caḃruġaḋ le Brian.

“Má buaiḋtear ar Ḃrian,” ar seisean, “sa ċaṫ so atá ag teaċt, tá sé ċóṁ maiṫ ag Gaeḋlaiḃ imṫeaċt a' h-Albain. Dísgeófar sinn go léir. Is fearra ḋúinn tuitim i gcaṫ ag caḃruġaḋ le Brian 'ná na Loċlanaiġ a ṫeaċt agus sinn a ṁarḃuġaḋ anso sa ḃaile má buaiḋtear ar Ḃrian.”

Do ċruinniġ an ḃeirt a neart go léir. Ṫáinig ċúċa an uile ṡaġas fir a ḋ' ḟéadfaḋ aon níḋ i ḃfuirm airm do láiṁseáil. Níor ḟan sa ḃaile aċ seandaoine agus mná agus leanḃaí.

Is ró ḃeag d'á ċuiṁneaṁ a ḃí ag Niaṁ gur ḃ' í fé ndeár an méid sin de'n ċongnaṁ a ṫáinig ag triall ar Ḃrian a ḃeiṫ ċóṁ láidir agus ḃí sé. Díreaċ mar a ḃí sí gan aon ṗioc d'á ċuiṁneaṁ aici, nuair a ḃí sí ag faire ar Ġormḟlaiṫ ċun gan leigint di niṁ a ṫaḃairt do Ḃrian, náċ leis an ḃfaire do ċosain sí Brian aċ leis an gcosg a ċuir a cóṁluadar fóġanta, agus a cuideaċtanas fóġanta, agus a h-anál ḟóġanta, le droċ íntinn Ġormḟlaiṫ, a gan ḟios di féin agus a gan ḟios do Ġormḟlaiṫ.

An ḟaid a ḃí na slóiġte ar an slíġ ḃí mórán tairḃṫe ag Niaṁ 'á ḋéanaṁ, a gan ḟios di féin, ar an gcuma san. Ḃí dúil ag na fearaiḃ go léir gaċ gnó ḋéanaṁ ar ana gcuma ba ḋóiċ leó dob' ḟearr a ṫaiṫnfeaḋ léi; agus i mbuiḋniḃ