ḋ' aois ḃí sé ċóṁ mór le leanḃ a ḃéaḋ seaċt nó h-oċt de ḃlianaiḃ. Ḃí an dúċas garḃ ann agus ṫug sé leis an dúċas. Níor ḃ'ḟada go raiḃ sé ag breiṫ suas ar ḃeiṫ ċóṁ h-árd, geall leis, le Niaṁ féin. Ċíoḋ na daoine i n-aonḟeaċt iad ag gluaiseaċt ar fuid na mbánta agus an ceistiúċán ar siúḃal.
Nuair a ċíoḋ na daoine mar sin iad do ċuiṁniġdís ar “Eaċtra Ṫaiḋg ṁic Céin,” agus ar “Ċonnla Ruaḋ,” mac Cuinn Ċéadċaṫaiġ, agus ar an mnaoi do rug léi Connla. Ḃí 'ḟios ag gaċ aoinne gur ḃ' óigḃean ana naoṁṫa, ana ḋiaḋa, Niaṁ, agus ḃí 'ḟios acu go raiḃ Toirḋealḃaċ óg lán de naoṁṫaċt agus de Ċreideaṁ agus de gaċ aon tsaġas eile deaġ-ṫréiṫe aige, mar ġeall ar an oileaṁaint aigne a ḃí aige d'á ḟáġail ó Niaṁ.
Níor ḃ'ḟada gur ṫug na daoine “Connla” mar ainim ċeana air. Níor ṫugadar “Connla Ruaḋ” air, mar ní ruaḋ a ḃí sé aċ donn. Nuair a ḃí “Connla” ag gaċ aoinne air is “Connla” a ḃíoḋ ag Niaṁ air.
Nuair a ṫáinig an sgéal áṫais go h-Uíḃ Máine go raiḃ Aṁlaoiḃ ag glacaḋ an Ċreidiṁ ḃí áṫas ana ṁór ar Ċonnla. Ḃí oiread áṫais air agus ḃí ar Niaṁ.
“A Niaṁ,” ar seisean léi, “an ḃfuil 'ḟios agat cad a ḋéanfainn-se dá mbéinn am' Árdríġ?”
“Ní ḟeadar, a Ċonnla,” ar sise. “Is dóċa gur rud éigin fóġanta a ḋéanfá.”
“Ċuirfinn ḟeuċaint ar na Loċlanaiġ go léir,” ar seisean, “an Creideaṁ do ġlacaḋ.”
“Aċ, a Ċonnla,” ar sise, “ní ḃéaḋ aon tairḃṫe sa ġníoṁ san.”
“Cad 'n-a ṫaoḃ, a Niaṁ?” ar seisean.
“Ní féidir Creideaṁ a ġlacaḋ,” ar sise, “aċ le saor ṫoil. Ní Creideaṁ i n-aon ċor é mura nglactar é le saor ṫoil.”