“Tuigim,” ar seisean. “D'ḟéadfaḋ duine a ráḋ ‘Creidim,’ 'n-a ċaint, agus gur, ‘Ní ċreidim’, a ḃéaḋ istiġ 'n-a ċroíḋe.”
“Go díreaċ,” arsa Niaṁ.
“Má 'seaḋ,” arsa Connla, “ċuirfinn an Creideaṁ d'á ṁúineaḋ ḋóiḃ, agus ansan, nuair a ḃéaḋ an t-eólus acu do ġlacfaidís an Creideaṁ le saor ṫoil.”
“Ní ḋéanfaḋ an t-eólus féin an gnó a Ċonnla,” arsa Niaṁ, “gan rud eile i dteannta an eóluis.”
“Cad é an rud eile ḃéaḋ uaṫa, a Niaṁ?” arsa Connla. “Ar nóin nuair a ḃéaḋ eóluis ar an ḃfírinne ag duine ní ḟéadfaḋ sé gan an ḟírinne ċreideaṁaint.”
“D'ḟéadfaḋ duine cur i gcoinniḃ an Ċreidiṁ, a Ċonnla,” arsa Niaṁ, “pé eólus a múinfí ḋó ar na fírinníḃ, mura ḃfaġaḋ sé congnaṁ agus solus ó ġrásta Dé.”
“Ó, tuigim,” arsa Connla, “agus tugan Dia a ġrásta do'n t-é a ḋeinean a ḋíċeal ó n-a ṫaoḃ féin.”
“Tugan,” arsa Niaṁ, “agus tugan sé a ġrásta do'n duine sin ċun an díċil sin a ḋéanaṁ.”
“Molaḋ go deó le Dia!” arsa Connla.
Ṫáinig an tuarisg go raiḃ Aṁlaoiḃ ċun ḃeiṫ n-a ṡagart. Ansan iseaḋ ḃí an obair ag Niaṁ ċun gan a leigint uirṫi le Connla go raiḃ an dá ṁaċtnaṁ úd os cóṁair a h-aigne agus é ag teip uirṫi iad do ṫaḃairt d'á ċéile. Ḋein sí an ḃeart, áṁṫaċ, maiṫ go leór. Ḃí Connla ró óg. Aċ d'á óige a ḃí sé do ċuaiḋ 'n-a luiġe ar a aigne nár ṫaiṫn an sgéal ró ṁaiṫ le Niaṁ. Níor ḟéad sé dul a ṫuille.
Nuair a ṫáinig an sgéal uaṫḃásaċ ná raiḃ aon tuairisg ar Aṁlaoiḃ ḃí iongnaḋ agus alltaċt i gceart ar Ċonnla. Ċonaic sé an ḃuairt go léir ar Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Ḃí uaigneas agus buairt a ḋóṫin air féin. Ċonaic sé go raiḃ buairt ar Niaṁ, aċ níor ṁeas sé gur ḃ'í an ḃuairt ċeart í. Do lean sé ar feaḋ tamail ag cur ceisteana ċúiċi 'n-a