Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/285

This page has not been proofread.
281
NIAṀ

ṫaoḃ, 'ġá ḟiafraiġe a' raiḃ aon tuairisg air; cad ba ḋóiċ léi a ḃí imṫiġṫe air; a' raiḃ aon tsúil go dtiocfaḋ sé ṫar n-ais; cé r' ḃ' iad a ṁuintir; agus a lán ceisteana de'n tsórd san. Ní raiḃ aon eólus aici le taḃairt dó go dtí go ḃfuair Caoilte gaċ aon rud amaċ i dtaoḃ Aṁlaoiḃ. Ansan féin do coimeádaḋ an sgéal ó Ċonnla go dtí go raiḃ an Árdrígan, Gormḟlaiṫ, imṫiġṫe agus na slóiġte ar na bóiṫriḃ ag dul go h-áit an ċoinne ċun an ċaṫa ṁór do ṫroid i gcoinniḃ na Loċlanaċ.

Nuair a ḃí an t-ollaṁuġaḋ ċun gluaiste d'á ḋéanaṁ i ríġṫeiġlaċ Ḃriain i gCeann Cora do measaḋ Connla ḋ'ḟágáilt ṫíos i n-Inis Caṫaiġ fé láiṁ Ċolla. Ní ḟanfaḋ sé ann.

“Táim ċúig ḃliana déag,” ar seisean. “Ní raiḃ m' aṫair aċ ċúig ḃliana déag nuair a ṁairḃ sé Maolmuaiḋ i mBealaċ Leaċta. Ní raiḃ mo ṡean-aṫair aċ ċúig ḃliana déag nuair a ṫóg sé claiḋeaṁ i gcoinniḃ na Loċlanaċ. Tá sé ċóṁ ceart agam-sa claiḋeaṁ a ṫógaint agus mé i n-aois mo ċúig mblian ndéag agus ḃí sé agam' aṫair agus agam' ṡean-aṫair.”

B'éigean a ṡlíġ féin a ṫaḃairt dó, agus do tugaḋ. Ḃí áṫas ar Ḃrian agus ar Ṁurċaḋ nuair a fuaradar é ċóṁ ceapaiṫe ar ḋul sa ċaṫ. Ḃí rud eile, leis, sa sgéal. Bíoḋ ná raiḃ Connla aċ na ċúig bliana déag, ba ḃeag ná go raiḃ sé ċóṁ h-árd le n' aṫair agus ḃí an ġairḃeaċt agus an neart ins na géagaiḃ aige mar a ḃí agá aṫair. An Loċlanaċ a ṫiocfaḋ 'n-a ċoinniḃ sa ċaṫ níor ḃ' ḟoláir dó ḃeiṫ láidir go maiṫ nó ḃéaḋ Connla maiṫ a ḋóṫin dó.

Nuair a ḃí an méid sin socair agus an ṁór-ṡluaġ ar an slíġ, do laḃair Connla le Niaṁ.

“A Niaṁ,” ar seisean, “tá ceist agam le cur ċúġat, agus caiṫfiḋ tu laḃairt agus an ċeist do ḟreagairt dom.”

“Deanfad gan aṁras, a Ċonnla,” ar sise, “má ḟéadaim é.”