“Féadfair,” ar seisean. “An t-eólus atá uaim tá sé agat-sa. Tá an t-eólus céadna ag Taḋg Óg. Ar feaḋ tamail tar éis Aṁlaoiḃ a ḋ'imṫeaċt ḃí ana ḃuairt ar Ṫaḋg, díreaċ mar a ḃí orm féin, agus mar is dóiċ liom a ḃí ort-sa. Le déanaiġe, má ṫráċtan aoinne ar Aṁlaoiḃ i láṫair Ṫaiḋg duḃan gnúis Ṫaiḋg. Tá fuaṫ fíoċṁar aige d' Aṁlaoiḃ. Siní mo ċeist, a Niaṁ. Cá ḃfuil Aṁlaoiḃ? An ḃfuil sé beó? Pé 'cu beó nó marḃ dó, inis dom cad a ḋein sé ar Ṫaḋg?”
B'éigean di teaċt i dtusaċ an sgéil agus é go léir a ḋ'innsint dó, ó ṫusaċ go deire.
D'éist Connla le Niaṁ an ḟaid a ḃí ag innsint an sgéil agus é 'n-a ṡuiḋe le n-a h-ais sa ċárbat, agus iad féin agus an tsluaġ ag gluaiseaċt go réiḋ. D'inis sí ḋó i dtaoḃ na cailíse; i dtaoḃ na h-eoċraċ; i dtaoḃ an ṗúicín a cuireaḋ ar Ċaoilte ṫall i gCaṫair na Beirbe; i dtaoḃ na leitire a tugaḋ dó nuair a ḃí sé ar an loing ag teaċt anall go Corcaiġ; agus i dtaoḃ conus mar a ḋeineadar amaċ gur ḃ' aon Aṁlaoiḃ aṁáin an dá Aṁlaoiḃ agus gur ċun caoi a ḋ' ḟáġail ar an gcailís a ġuid do leig sé air an Creideaṁ a ġlacaḋ agus na mion-Úird do ġlacaḋ. D'éist Connla leis an sgéal go léir gan focal do laḃairt. Ḃí iongnaḋ ar Niaṁ a ráḋ go raiḃ sé ċóṁ ciúin. Ḃí a ċúis féin aige leis.
Nuair a ċonaic sé Aṁlaoiḃ ag teaċt ar dtúis go Ceann Cora agus go h-Uíḃ Máine agus nuair a ḃíoḋ an rince ar siúḃal, ba ċuiṁin leis gur airiġ sé an focal: “Náċ áluinn an lánṁa a ḋéanfaidís!” Níor ṫaiṫn an focal an uair sin leis, d'á óige a ḃí sé. Ba leis féin Niaṁ, dar leis, agus níor ṫeastuiġ uaiḋ aon éileaṁ a ḃeiṫ ag Aṁlaoiḃ ná ag aoinne eile uirṫi. Ḃí cion an uair sin aige ar Aṁlaoiḃ, mar a ḃí ag gaċ aoinne, aċ má ḃí féin níor ṫaiṫn an focal úd leis.