Ċonacadar iad aċ ní raiḃ oiread acu ann agus ṁeasadar ba ċeart a ḃeiṫ ann. Ní raiḃ ann aċ loingeas Ṡíguird ó Ínsiḃ Orc. D'aiṫin Sitric iad.
“Is ceart dúinn dul amaċ ċun cainte leis an Iarla,” arsa Gormḟlaiṫ.
“Is fíor san, a ṁáṫair”, arsa Sitric, “aċ ní mór ḋom níḋ áiriġṫe a ḋ' innsint duit-se ar dtúis.”
“Cad é an níḋ é?” ar sise.
“Níḋ a ḃainfiḋ gáire asat,” ar seisean, agus do stad sé.
“Sgaoil ċúġainn e!” ar sise. “Má ḃainean sé gáire asainn ní miste ḋuit é sgaoileaḋ ċúġainn. Cad é an greim atá agat air?”
“Ġeallas níḋ do'n Iarla so. Ní ṫiocfaḋ sé liom go dtí gur ṫugas an ġeallaṁaint dó.” Do stad sé airís. (Ḃí Maolmórḋa láiṫreaċ).
“Oċón!” ar sise, “is agat atá an greim air. Cad a ġeallais dó?”
D'iompuiġ sé uirṫi agus d' ḟeuċ sé uirṫi.
“Ġeallas tusa ḋó!” ar seisean.
“Is maiṫ a ḋeinis é, “ ar sise, “rud a ġeallaṁaint dó ná raiḃ ar do ċumas a ṫaḃairt dó. Ní dóiċ liom, áṁṫaċ, gur maiṫ a ḋein seisean é agus an ġeallaṁaint sin do ġlacaḋ uait.”
“Do ġlac sé an ġeallaṁaint agus do ṫáinig sé. Mura mbéaḋ gur ṫugas an ġeallaṁaint dó ní ṫiocfaḋ sé. Dar leis, agus dar leó go léir, ní'l bean eile sa doṁan ċóṁ breaġ leat-sa.”
“Agus conus a ḃeiḋ an sgéal agat ar ball má ḋiúltuiġim-se do'n ġeallaṁaint do ċóṁlíonaḋ?”
“Ḃí san sa ṁargaḋ. Ġeallas go ḃfaġaḋ sé ṫu le m' lán toil-se. Ḃí ḟios aige go maiṫ ná féadfaḋ sé ṫu ḋ'ḟáġail i gcoinniḃ do ṫoile féin. Mar a deirir, is ceart dul amaċ agus laḃairt leis, agus fáilte ċur roimis agus