Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/29

This page has not been proofread.
25
NIAṀ

Cealla i dteiġlaċ a aṫar féin nuair a ċuaiḋ sé óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine, agus is 'mó rud ḟéadfaḋ sé a ḋéanaṁ ann ċun cúraim a ḋéanaṁ de ċaraid ná féadfaḋ sé a ḋéanaṁ i ríġṫeiġlaċ Ḃriain i gCeann Cora. Do ḋein sé gaċ aon rud fé mar a ṫaiṫn leis ċun a ṫaisbeáint cad é an cion a ḃí aige ar a ċoṁrádaiḋe. Nuair a ċonaic an t-aṫair, Taḋg Mór féin, an cúram go léir 'á ḋéanaṁ de'n ógánaċ Loċlanaċ do ḋein sé féin cúram dé, ċun a ṁic do ṡásaṁ. Ansan do ḋein an ṁáṫair, agus an ċuid eile de'n ċlainn, an cúram céadna ḋé, ċun Taiḋg Óig do ṡásaṁ. Níor ḋeacair dóiḃ sin, mar, ċóṁ luaṫ agus ṫáinig sé 'n-a measg, agus ċóṁ luaṫ agus do ċonacadar é agus do laḃradar leis, ṫáinig báiġ ċóṁ mór san acu féin leis go mbéaḋ fáilte acu roimis agus go ndéanfaidís cúram dé ar a ṡon féin dá mba ná béaḋ Taḋg Óg i n-aon ċor ann. Ḃí saoġal maiṫ aige an ḟaid a ḃí sé ṫuaiḋ.

Do críoċnuiġeaḋ an ċuaird agus ṫáinig an ḃeirt ṫar n-ais go h-Inis Caṫaiġ.

Do ġluais raint aimsire. Ḃí Aṁlaoiḃ ag déanaṁ na foġluma go tiuġ. Lá d'á raiḃ an ḃeirt i ḃfoċair a ċéile ar imeal an oileáin, ar bruaċ na faraige, do laḃair Aṁlaoiḃ. Duḃairt sé gur ṁaiṫ leis an Creideaṁ a ġlacaḋ. Ḃí áṫas mór ar Ṫaḋg.

“Is fearr laḃairt leis an Abb,” ar seisean.

Do laḃradar leis an Abb.

“Tá go maiṫ,” arsa'n t-Abb. “Ní foláir an Creideaṁ a ṁúineaḋ ḋuit ar dtúis.”

Do ceapaḋ sagart ċun an Ċreidiṁ a ṁúineaḋ ḋó. Do glacaḋ an sgéal go réiḋ. Do tugaḋ a ḋóṫin aimsire ḋó ċun an Ċreidiṁ a ḋ' ḟoġluim. Do tugaḋ níba ṁó 'ná a ḋóṫin aimsire ḋó. Fear eagnaiḋe ab eaḋ Colla. Ṫuig sé gur “ḃ' ḟearr feuċaint roime ḋuine 'ná ḋá ḟeuċaint 'n-a ḋiaiġ,” gur ḃ'ḟearr deiṁne ḋéanaṁ sar a' ndéanfaí diṫineas.