ċonacadar, i n-eáġmuis na ḃfear, sloigisg ban agus leanḃ agus gan ionta, náċ mór, aċ daoine fiaine. Is ceart a ḋ' adṁáil go dtáinig uaḃar agus boċtaineaċt ar an uile ḋuine de'n ċeaṫrar nuair a ṫuigeadar n-a n-aigne cad é an cor a ḃéaḋ ar Éirinn agus ar Ġaeḋlaiḃ Éirean nuair a leigfí an tsloigisg sin isteaċ orṫa agus an buaḋ acu. Aċ má ḃí uaḃar agus boċtaineaċt orṫa do ḃruġdar fúṫa é. Ċoimeádadar istiġ é. Níor ḋeineadar oiread agus a ḋ'adṁáil d'á ċéile 'n-a gcaint gur ṁoṫuiġdar istiġ é. Sin mar a ḃíon i gcóṁnuiġe ag an t-é a ḋeinean an droċ ġníoṁ. Ċun sásaṁ aigne ṫaḃairt dó féin iseaḋ ḋéinean sé an droċ ġníoṁ, agus ar ball isé rud a ṫagan as dó 'ná mí-ṡásaṁ aigne, agus seirḃṫean aigne, agus buaireaṁ aigne, agus cancar agus tré ċéile aigne. Ansan bíon an tré ċéile aigne laistiġ aige agus an gealġáire lasmuiċ aige, agus is mór an truaġ é.
Ṫáinig an ceaṫrar aḃaile go ríġṫeiġlaċ Ṡitric agus ḋeineadar an ceann ab ḟearr de'n ġnó, ċóṁ maiṫ agus d'ḟéadadar é, 'n-a gcaint. Ṁoladar an t-Iarla mar ġeall ar a ṁéid agus ar a neart. Dar leó, ní raiḃ aon ḟear ar ṫeiġlaċ Ḃriain a ḋ' ḟéadfaḋ seasaṁ 'n-a láṫair agus é ṫroid. Ṁoladar na fir a ḃí aige, agus na h-airim a ḃí acu. Ní dúḃradar puínn i dtaoḃ na mban agus na leanḃ. Níor ṁaiṫ le Gormḟlaiṫ cuiṁneaṁ orṫa i n-aon ċor, ḃíodar ċóṁ grána ċóṁ salaċ ċóṁ fiain.
D'imṫiġ Maolmórḋa. Ḃí a ṡlóiġte féin ag teaċt isteaċ ó árdaiḃ Cúige Laiġean. Níor ṁór dó dul agus feuċaint ċúċa.
Nuair a ḃí sé imṫiġṫe do laḃair Sitric.
“Greadaḋ ċuige,” ar seisean, “ba ḋóbair dó an donus a ḋéanaṁ orainn! Mura mbéaḋ Aṁlaoiḃ ḃí an donus déanta aige. Náċ uaṫḃásaċ an sgéal ná féadfaḋ sé a ḃéal a ḋ' osgailt gan toirmeasg éigin a ḋéanaṁ! Mura