mbéaḋ a ṫapaṁlaċt a laḃair Aṁlaoiḃ do ḋéanfaḋ sé an donas.”
“Tá 'ḟios ag an dtalaṁ,” arsa Aṁlaoiḃ, “gur ṁeasas go mbéaḋ an sgéal go léir sgaoilte amaċ aige sar a mbéaḋ uain agam ar laḃairt!”
“Ní ḟeicim cad é an díoḃáil a ḃéaḋ déanta dá dtigeaḋ leis an sgéal go léir do sgaoileaḋ amaċ,” arsa Gormḟlaiṫ.
“Ní ḃeiḋfeá mar sin, a ṁáṫair,” arsa Sitric, “dá mbéaḋ fios an sgéil go léir agat. Dá mbéaḋ an ċuid eile de'n sgéal agat ċífeá go h-áluinn cad é an díoḃáil a ḋéanfaḋ sé agus cad é an díoḃáil ba ḋóbair dó a ḋéanaṁ.”
“Aililiú!” ar sise. “Inis-se ḋom an ċuid eile de'n sgéal, a Aṁlaoiḃ, nuair ná neósfaḋ sé seo ḋom é.”
“Ní'l puínn deifriġeaċta,” arsa Aṁlaoiḃ, “idir an dtaoḃ atá agat agus an taoḃ eile. Ġeall Sitric go dtaḃarfaḋ sé ṫusa do'n Iarla. Ansan, nuair a ḃí sé ag caint le Bruadar, ġeall sé ḋó go dtaḃarfaḋ sé ṫusa ḋó! Taoín tú geallta ḋóiḃ araon, a ṁáṫair. Má ġeiḃid siad araon amaċ é beiḋ spórt againn!”
Ċaiṫ sí í féin i gcaṫaoir agus ba ḋóiċ leat go dtuitfeaḋ an t-anam aisti le neart gáirí. Do ġáir sí, agus do ġáir sí airís.
“Ó!” ar sise fé ḋeire, “feuċ air sin! An 'mó duine eile gur ġeallais mé ḋóiḃ?” (Ḃí 'ḟios aici go raiḃ sí geallta do Ḃruadar).
“Níor ġeallas tu aċ do'n ḃeirt sin, a ṁáṫair,” arsa Sitric.
“Aċ!” ar sise, “is olc a ḋeinis é! Ḃíos ag braṫ air go mb’ḟéidir gur ġeallais mé do ḃeirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe. Ar ġeallais-se d' aoinne mé?” ar sise le h-Aṁlaoiḃ.
“Níor ġeallas, a ṁáṫair,” ar seisean, “aċ is dóċa go mbeiḋ Bruadar, agus loingeas ríġ Loċlan aige, ag teaċt