Níor ḃeag d'uaṫḃás a raiḃ de loingeas sa dá ċaḃlaċ. Nuair a ḃí na h-ancaireaċa curṫa amaċ acu agus iad n-a stad, agus iad i n-aon líne aṁáin, fan na tráġa, do ṡrois an líne ó Ḃeinn Éadair agus go h-Áṫ Cliaṫ náċ mór.
Do ġluais bád Ṡitric amaċ airís ó'n gcalaiṫ i n-aice an ríġṫeiġlaiġ, agus do ġluais sé i dtreó na loinge ar a raiḃ Bruadar. Ċuaiḋ Gormḟlaiṫ agus Sitric agus Aṁlaoiḃ ar bórd na loinge sin. Ċuir Bruadar na mílte fáilte rómpa.
“Ó,” ar seisean le Gormḟlaiṫ, “náċ óg a ḋ'ḟeuċan tú, a Árdrígan!”
“Ní h-aon iongnaḋ é sin, a ríġ,” ar sise. “Ní h-aon iongnaḋ mé ḃeiṫ ag feuċaint óg an ḟaid atáim óg. Ní raḃas aċ seaċt mbliana déag nuair a rugaḋ é seo,” ar sise, (b'é sin Sitric) “agus ní'l sé seo puínn ṫar fiċe bliain fós. Ní ceart seana ḃean a ṫaḃairt orm go dtí go mbeiḋ mé a daċad an ċuid is lúġa ḋé.”
“Ní taḃarfar seana ḃean ort ċoíḋċe, a Árdrígan,” ar seisean. “Taoín tú ag feuċaint ċóṁ h-óg an neómat so agus ḃís an lá a ṗósais Aṁlaoiḃ. Ṁeasas ná raiḃ agat aċ aon ṁac aṁáin le h-Aṁlaoiḃ agus go ḃfuair Aṁlaoiḃ bás sar ar rugaḋ an mac san.”
“Is iongantaċ an fear ċun plámáis tú, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ḋeinis tuaṫal ar dtúis nuair a ḋeinis an iongnaḋ d' í ḃeiṫ ag feuċaint ċóṁ h-óg, aċ do leiġsis an tuaṫal nuair a dúḃrais go mbéaḋ sí ag feuċaint óg go deó.”
“Tá dearṁad ort sa ṁéid úd, a ríġ,” arsa Gormḟlaiṫ. “Sidé an mac a rugaḋ tar éis ḃáis Aṁlaoiḃ.”
“Ó, tuigim,” arsa Bruadar. “Sidé an t-Aṁlaoiḃ Óg. Cad 'n-a ṫaoḃ nár innsis riaṁ dom cé r' ḃ'é t 'aṫair, a ḃiṫeaṁnaiġ?” ar seisean le h-Aṁlaoiḃ.
“Le h-eagla go ndéanfainn bréag, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ.