“Náċ ṡiní an Árdrígan tar éis a ráḋ leat ná feaca-sa m' aṫair riaṁ. Conus ḟéadfainn a ḋ'innsint duit cé r' ḃ' é agus ná feaca riaṁ é?”
“Is fíor,” arsa Bruadar. “Aċ is cuma ḋuit cé 'cu. Tá géarċúis do ṁáṫar agat, agus tá a croicean agus a bláṫ ort.”
Níor ṫug Gormḟlaiṫ uain dó ar a ṫuille plámáis a ḋéanaṁ. Níor ḃeag léi a raiḃ ráiḋte aige. Ḃí sé ag taigde ar neiṫiḃ nár oir di é féin ná aoinne eile ḃeiṫ ag taiġde orṫa.
“Ṫánamair ċun go ḃfeicfimís do neart slóġ, a ríġ,” ar sise.
“Tá go maiṫ, tá go maiṫ, a Árdrígan,” ar seisean.
Do rugaḋ ó loing go loing iad, agus do taisbeánaḋ gaċ aon rud dóiḃ. Conacadar na slóiġte fear armṫa, agus ba ḃreaġ an raḋarc iad. Fir ṁóra láidire ċumasaċa, agus na h-airm ar áilleaċt acu. Do taisbeánaḋ dóiḃ an deiċ gcéad fear n-a raiḃ na h-éidí mitil orṫa. Dúḃairt Bruadar leis na fearaiḃ na h-éidí do ċur umpa go ḃfeicfeaḋ an Árdrígan iad. Do ċuireadar.
“Ó!” arsa Gormḟlaiṫ. “Geóḃaid siad san tré ṡlóiġtiḃ Ḃriain mar a ġeoḃaḋ buanaiḋṫe tré ṗáirc cruiṫneaċtan a ḃéaḋ aibiġ!”
Do rugaḋ iad ċun na loinge ar a raiḃ beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe, Carrol Cnút agus Anrud.
Ní ḟeacaiḋ an ḃeirt sin Gormḟlaiṫ riaṁ go dtí san, aċ d' airiġdar teaċt ṫáirse. D' airiġdar daoine a ċonaic í ag tráċt ar a h-áilneaċt. Ḃí ḟios acu gur ḃean áluinn ṫar bár í. Aċ nuair a ċonacadar í ba ḋóbair dóiḃ a mbéasa agus a stuaim do ċailleaṁaint, ċuir a h-áilneaċt a leiṫéid sin d'iongnaḋ orṫa. Ní ḟéadaidís gan ḃeiṫ ag feuċaint uirṫi, agus ansan nuair ḟeuċaidís uirṫi ní ḟéadaidís a súile ḃogaḋ ḋi.