Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/297

This page has not been proofread.
293
NIAṀ

Ḃí an tsluaġ ar an gcuma gcéadna. An ḟaid a ḃíoḋ sí ag gaḃáil ṫórsa ní ḟéadaidís aon rud a ḋéanaṁ aċ ḃeiṫ ag feuċaint uirṫi. Dá mb' iad na mná féin iad ḃí an sgéal ar an gcuma gcéadna acu. Nuair a ġaḃaḋ sí ṫórsa do riṫidís tímpal ċun teaċt roímpi agus raḋarc eile ḋ' fáġail uirṫi.

Ṫugadar a lán de'n lá ag gaḃáil tímpal ó loing go loing. Nuair a ḃí an ḟeuċaint déanta acu ṫánadar aḃaile go ríġṫeiġlaċ Ṡitric.

“Seaḋ!” arsa Gormḟlaiṫ, nuair a ḃíodar 'n-a suiḋe ar a suaiṁneas i n-aice na teine, “tá m' aigne sásta. Ní'l aon ḃreiṫ ag Brian ar ḃuaċtaint sa ċaṫ so atá le troid anois aige. Ḃí an t-eagla i gcóṁnuíġe orm roim Ṁurċaḋ agus roim Ḋál gCais, aċ an deiċ gcéad úd ins na h-éidíḃ práis, cuirfid siad san deire, glan, le Dál gCais. Nuair a ḃeiḋ deire le Dál gCais beiḋ deire le cóṁaċt Ḃriain. Má ḋeinean Míċeál Ruaḋ an ḃeart atá geallta aige a ḋéanaṁ is aṁlaiḋ is fearr é, aċ pé 'cu ḋéanfaiḋ nó ná déanfaiḋ ní'l baoġal orainn anois.”

“Is maiṫ liom mar a ṫaiṫnean an ṁór-ṡluaġ leat, a ṁáṫair,” arsa Sitric. “Do fuaraḋ a lán d'á duaġ. Níor ḃ' aon ġnó ró ṡuaraċ an dá ċaḃlaċ loingeas san, agus na mílte fear san, do ṫaḃairt ansan amuiċ ar uisge an ċuain sin ċúġat! Tá obair ṁór déanta ag ríġ Loċlan agus ag ríġ na h-Ioruaiḋe agus ag an Iarla, d'á ṁéid de ḃeiṫiġeaċ é. Tá obair ṁór déanta acu go léir. Ní deintear obair ṁór de'n tsórd san gan súil le díol as.”

“Cad í an ġruaim seo anois ort?” arsa Gormḟlaiṫ.

“Tá eagal air,” arsa Aṁlaoiḃ, “má ḃuaḋaid na ríġṫe seo ar Ḃrian go gcoimeádfaid siad toraḋ an ḃuaḋa ḋóiḃ féin.”

“Ḃuailis do ṁéar air, a Aṁlaoiḃ,” arsa Sitric. “Ní ṡeasuiġean sé le cóir ná le ceart ná le résún go