dtiocfaḋ na fir seo anso agus go dtroidfidís caṫ fuilteaċ dúinne i gcoinniḃ Ḃriain, agus ansan, nuair a ḃéaḋ Brian marḃ, agus Murċaḋ, agus M'lṡeaċlainn Mór, agus Dál gCais go léir, go n-árdóċaidís a seólta agus go n- imṫeóċaidís soir aḃaile, agus óṫuaiḋ aḃaile, airís agus go ḃfágfaidís Éire againne.”
“Cad é sin agat d'á ráḋ mar sin!” arsa Gormḟlaiṫ. “Ná fuil slíġ ḋóiḃ go léir, agus dúinne 'n-a dteannta, n-Éirinn!”
“Siné díreaċ atá orm, a ṁáṫair,” arsa Sitric. “Tá eagal orm ná fuil, ‘sliġ ḋóiḃ go léir agus dúinne 'n-a dteannta, i n-Éirinn.’ An focal úd adúḃairt an t-Iarla, an ‘beiṫiġeaċ,’ a ndúḃraís féin, an focal úd adúḃairt sé le ríġ Laiġean tá sé daingean am' ċroíḋe ó ṡin mar a ḃéaḋ dealg. ‘Beiḋ an Árdríġeaċt ag Gormḟlaiṫ,’ ar seisean, 'agus ag an ḃfear a ṗósfaiḋ í.’ Is dóċa go ḃfuil an rud céadna istiġ i n' aigne féin ag Bruadar. Agus tá ḟios ag an saoġal náċ ċun na h-Árdríġeaċt do ċur i n-áiriġṫe ḋóṁ-sa, ná d' aoinne de'n ḃeirt sin, a ṫáinig beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe anso go h-Éirinn agus loingeas a n-aṫar acu, agus slóiġte a n-aṫar, agus a dtír féin curṫa fé ċostas ṁór ṫrom acu. Tá eagal orm go ḃfuil aiṁleas, agus náċ aiṁleas beag é, déanta againn, agus náċ fios conus a ṫiocfaimíd uaiḋ. B' ḟearr liom ḃeiṫ fé Árd- ríġeaċt Ḃriain, a ṁáṫair, 'ná fé Árdríġeaċt aoinne de'n ċeatrar.”
“Ní mac duit-se an fear san i n-aon ċor, a ṁáṫair!” arsa Aṁlaoiḃ. “Mac d' Aṁlaoiḃ iseaḋ é. Deir a lán daoine liom náċ mac d' Aṁlaoiḃ mise. Measaim go ḃfuil an ceart acu. Mac duit-se iseaḋ mé. Cad is gáḋ ḋuit-se, a Ṡitric, ḃeiṫ fé smaċt aoinne de'n ċeaṫrar! Cuir i gcás go ndéanfaid na buanaiḋṫe an obair ar an gcruiṫneaċt aibiġ, agus go mbeiḋ Brian agus Dál gCais ‘ar slíġ na