fírinne,’ mar adéarfaḋ Colla, cad a ṫuitfiḋ amaċ? Iompó'iḋ Bruadar agus an ‘Beiṫiġeaċ’ ar a ċéile agus troidfid siad caṫ fuilteaċ feuċaint cé aige go mbeiḋ Gormḟlaiṫ agus an Árdríġeaċt. Iompó'id beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe orṫa araon, nó ar an t-é a ḃeiḋ beó ḋíoḃ, 'ġá ċur i n-iúil náċ ag aoinne acu is ceart an Árdríġeaċt so do ḃeiṫ aċ ag duine acu féin, mar gur b'iad is sia ó ḃaile do ṫáinig 'ġá h-iaraiḋ. Measaim, nuair a ḃeiḋ a gcuid coíṁsgair déanta ag an gceaṫrar ná beiḋ puínn éilteóirí ag teaċt idir ṫusa agus an Árdríġeaċt, a ṁic t'aṫar! — Inis an ḟírinne, a ṁáṫair; náċ é an coíṁsgar san idir an gceaṫrar an rud a ċuir tusa ag cur an anama amaċ ag gáirí aréir nuair a h-innseaḋ duit go raḃais geallta do ḃeirt acu?”
“Fágaim le h-uaḋaċt, a Aṁlaoiḃ,” arsa Gormḟlaiṫ, “gur ḃuailis do ṁéar go cruinn ar an rud a ċuir ag gáirí mé. Ní raḃas, áṁṫaċ, ag cuiṁneaṁ aċ ar an mbeirt, ar Ḃruadar agus ar an Iarla. Do ċonac go soiléir conus a féadfaí an ḃeirt sin do ċur ag dísgiú' a ċéile agus gur mé féin a ḋ' ḟéadfaḋ an ḃeart san a ḋéanaṁ. Aċ ċím anois go ḃféadfar an ceaṫrar do ċur ag dísgiú' a ċéile go feilimionta. Féadfar é ḋéanaṁ agus déanfar é. Ná bíoḋ ceist ná eagal ort, a Ṡitric. Dísgeó'id siad cóṁaċt Ḃriain duit ar dtúis. Ansan dísgeó'id siad a ċéile ḋuit. Ansan beiḋ Árdríġeaċt na h-Éirean agat 'n-a ndiaiġ go léir!”
“Ní'l aon teóra liḃ!” arsa Sitric. “Aċ déinig feuċaint ḃeag a ṫaḃairt ar an dtaoḃ so de'n sgéal. Cuir i gcás go ḃfuil a ngnó déanta ag an meiṫiol buanaiḋṫe seo atá cruinniġṫe againn, agus go ḃfuil an gort cruiṫneaċtan ar lár. Ċím an ceaṫrar i gcóṁairle.
“Is liom-sa an Árdríġeaċt agus an Árdrígan,” adeir an t-Iarla.